Monday, 20 February 2012

Suirbhé faoi Chláir Ghaeilge / Survey on Irish Programmes

 GAELSCOILEANNA TEO. corpraithe in Éirinn. Uimhir Chláraithe 317146

A chairde,

Tá miontráchtas á dhéanamh agam don bhliain dheireanach ollscoile agus ba mhór dom bhur gcuid cabhrach leis an suirbhé seo a líonadh. Is ceistneoir é maidir leis na cláir Ghaeilge a bhíonn ar theilifís RTÉ (cláir i nGaeilge amháin agus cláir dhátheangach) agus ní thógfaidh sé ach 10 nóiméad chun é a líonadh. Dá mbeadh sibh in ann é a chríochnú roimh an gCéadaoin seo chugainn (22.02.12) bheinn thar a bheith buíoch agus ná bíodh drogall ar bith é a scaipeadh ar bhur gcairde féin. Is suirbhé saghas trialach atá ann, má tá aon mholtaí agaibh maidir leis, is é mo sheoladh ríomphoist ná u.mccarthy1@nuigalway.ie. Lean an nasc thíos chun é a líonadh.

https://www.surveymonkey.com/s/KQTGNKN
Go raibh míle maith agaibh.
Úna Ní Chárthaigh