Tuesday, 28 August 2012

Fáilte ar ais ar scoil / Welcome back to school

A thuistí,
Tá sé deacair le creidiúnt go bhfuil na laethanta saoire thart agus go mbeidh an scoil ag ath-oscailt ar an Déardaoin!
Beidh clár-ama na Naí Bheaga mar a leanas:
Déardaoin 30 agus Aoine 31ú Mí Lúnasa 2012 :     08.50 – 11.30
Luan 3ú – Aoine 14ú Mi Mheán Fómhair 2012 :     08.50 – 12.30
Luan 17ú Mí Mheán Fómhair 2012 – deireadh na mbliana: 08.50 – 13.30

Clár-ama na Naí Shíns ná:
Déardaoin 30 Lúnasa 2012 – deireadh na mbliana: 08.50 – 13.30 gach lá.
Sean-rang Sinéad -> Múinteoir Eavan (go dtí go gceapfar múinteoirí buana)
Sean rang Michelle – Múinteoir Neasa (go dtí go gceapfar múinteoirí buana)

Clár-ama na ranganna eile 1-4
Déardaoin 30 Lúnasa 2012 – deireadh na mbliana: 08:50 – 14:30 gach lá.

Beidh cead ag Rang 2 ar aghaidh siúl abhaile leo féin nó fanacht lena dtuistí lasmuigh den geata. Toisc go mbeidh árdú mór arís ar an méid páistí a bheidh ag dul abhaile ag a 2.30 beimid ag moladh dos na páistí siúl abhaile i ngrúpaí más féidir leo nó fiú siúl go poinnte sábháilte le bualadh libh ann. Seo dos na páistí níos sinne, ach go háirithe.

Táimid ag cur fáilte roimh 36 páistí nua i mbliana. 33 Naí Bheaga, 2 i rang na Naí Shíns agus buachaill amháin i Rang 2.

Toisc go raibh an Roinn Oideachais chomh mall chun an t-airgead a thabhairt, tá an obair tógáile fós ar siúl agus beidh sé ar siúl ar feadh cúpla seachtaine eile. Beidh na seomraí ranga ullamh don Déardaoin ach ní bheidh snas ceart ar an áit go ceann tamaill eile. Ár leiscéal faoi seo ach níorbh fhéidir linn aon rud a dhéanamh faoi in aineoin gur thosaíomar an proiséas Mí Dheireadh Fómhair seo chaite!
 Ag súil go mór le bliain nua a thosnú libh ar an Déardaoin.

Dear parents,

It's hard to believe that the holidays are over and that the school will be re-opening on Thursday!
The Junior Infants' time-table is as follows:
Thursday 30th and Friday 31st August 2012: 08.50 – 11:30
Monday 3rd to Friday 14th September 2012:       08:50 – 12.30
Monday 17th September 2012 to the end of the year: 08:50 – 13.30

Senior Infants time-table:
Thursday 30th August to end of year: 08:50 – 13.30 every day
Sinéad's old class -> Múinteoir Eavan (until permanent teacher is appointed)
Michelle's old class –> Múinteoir Neasa (until permanent teacher is appointed)

Classes 1 to 4:
Thursday 30th August to end of year: 08:50 – 14:30 every day.

Classes 2 to 4 have permission to walk home themselves or wait for their parents outside the gate. As there will be a big increase in the number of children going home at 2.30 we will be encouraging the children to walk home in groups if they can or to walk to a safe point to meet you. This is for the older children, especially.

We are welcoming 36 new children this year, 36 Junior Infants, 2 in Senior Infants and one boy in 2nd class.

Because the Dept. of Education were so slow in sanctioning the money, the building works are still in progress and they will be still for another couple of weeks. The class rooms will be ready for Thursday but there won't be a proper finish on the place for another while. Our apologies about this but we couldn't do anything about it despite the fact that we started the process last October!

Really looking forward to starting a new year with you on Thursday.