Tuesday, 26 February 2013

Tuistí Naí Bheaga & Naí Mhóra / Parents of Junior and Senior Infants


A thuistí,

Mar is eol daoibh beidh an scoil páirteach sa mhórsiúil na Féile Pádraig sa bhaile. Beidh na ranganna go léir ag déanamh rudaí eagsúla is iad ag siúl. Is é an plean go mbeidh na naíonáin ar fad gléasta le t-léinte bána maisithe le seamróga. Ba bhreá linn mar sin go dtabharfadh gach páiste sna naíonáin bheaga is sna naíonáin mhóra, fiú amháin iad nach mbeidh ag siúl sa mhórsiúil, t-léine mór bán isteach ar scoil roimh an Aoine, 1/3/13. Beimid ag maisiú na t-léinte seo le dúch glas. Beidh na t-léinte seo á chaitheamh ag na páistí thar a n-éadaí eile ar fad (thar éadaí is cótaí san áireamh.). Mar sin ba bhreá linn go mbeadh na t-léinte bána mór a dhóthain ar do pháiste chuige seo. Cuir ainm an pháiste ar an t-léine le bhur thoil.

 As you are aware, the school will be taking part in the town parade on St. Patrick's Day. Each class will be doing various preparations for the parade. It is our plan to have all the junior and senior infants dressed up in white t-shirts, decorated with shamrocks. We would thus ask that each junior and senior infant, even if they are not partaking in the parade, bring in a large white t-shirt to school before Friday March 1st 2013.We will be decorating these t-shirts with green dye. The t-shirts will be worn by the children over all their clothes, coats included. It is thus very important that the t-shirt is large enough on your child to facilitate this. Please put your child's name on the t-shirt.

Míle buíochas.