Friday, 21 June 2013

Páirseál na Scoile / School Parking

A thuismitheoirí!
Bhí cruinniú Boird Bainistíochta aréir agus phléamar an fhadhb plódú páirceála sa charrchlós agus pairceál na múinteoirí ar an gclós. Tá roinnt tuistí mí-shásta faoin socrú nua páirceála agus tuigim dóibh. An teachtaireacht a theastaíonn uaim cur amach ná go bhfuilimid lán sásta dul thar nais amach ag páirceál lasmuigh chomh luath is atá socrú éigin nua ann chun deileál leis an bplódú gluaisteáin. Táim ag iarraidh ar tuismitheoirí anois smaoineamh ar shlite chun é a fheabhsú. Is féidir ríomhphost a cur chun na scoile ag eolas@gaelscoilchionntsaile.ie má bhíonn aon réiteach agaibh. Cuirfidh mé fáilte roimh smaointí. Níl aon fhadhb agamsa le páistí ag imirt le liathróidí sa chlós ach tá fadhb an-mhór agam le ró-plódú gluaisteáin agus an dainséar a bhaineann leis dos na páistí.
Dea-scéal dos na Naíonáin Shóisearacha-bhuaigh siad an cómortas 'Bob-a-job' leis an méad airgid a bhailigh sibh! Maith sibh a pháistí agus go mór mhór na tuismitheoirí a shocraigh an rud go léir chun airgead a bhaliú don scoil. Bhí an-lá ag an scoil inniú - uachtar reoite agus seó puipéad!
Mar fhocal scoir ba mhaith linn ár gcomhgháirdeas mór ó chroí a ghabháil le Philippa Nic an Taoisigh ó Rang na Naíonáin Shóisearacha. D'éirigh léi duais a fháil na chomortas ealaíne Aerfort Chorcaí agus tá a grianghraf agus a pictiúr le feiscint san "Southern Star" an tseachtain seo. Fuair an scoil dearbhán le caitheamh in Easons dá bharr! Go raibh maith agat agus chomhgháirdeas arís!
 
Dear parents!
There was a Board of Management meeting last night and we discussed the crowded parking problem in the car park and teachers parking in the yard. There are some parents unhappy about the new parking arrangement and I understand their point of view. The message I want to convey is that we are very happy to go back to the parking arrangement outside as soon as there is a new way of dealing with the overcrowded car park situation. I am now asking the parents to think of ways to improve the situation. You can send an email to eolas@gaelscoilchionntsaile.ie if you have any ideas. I will welcome suggestions. I have no problem with children playing with balls in the yard but I have a big problem with over crowding of cars and therefor putting the children at risk.
Good news for the Junior Infants - They won the 'Bob-a-job' competition with the amount of money they collected! Well done and especially well done to the parents who organised it all to raise monry for the school.
Finally, we would like to give a hearty congratulations to Philippa Nic an Taoisigh in Junior Infants. She succeeded in winning a prize in the Cork Airport art competition and her photograph and picture will be on the Southern Star this week. The school got a voucher for Easons as a result! Thank you and congratulations again!