Friday, 22 November 2013

Nuacht scoile! Múinteoirí Rang 3 & 4

A thuismitheoirí, a chairde,
Fé mar is eol daoibh bhíomar ag feidhmiú mar gan beirt mhúinteoir ag tosach na bliana seo. Tá seo go huile is go hiomlán as ár láimhe. Níl comhacht ar bith againn ar seo toisc go mbíonn an scoil gafa leis an bpainéal gach bliain. Sin an cúis go raibh ár múinteoirí oideachais speisialta (Múinteoir Áine Ní Fhíobhra, múinteoir tacaíocht foghlaime i Rang 4 agus Múinteoir Alma múinteoir achmhainne i Rang 3) ag múineadh na ranganna seo go dtí an briseadh mean téarma. Fuaireamar múinteoirí sealadacha chun na ranganna seo a mhúineadh go dtí gur deineadh na hagallaimh ceapacháin. Bhí na hagallaimh san ar siúl sa scoil ar an gCéadaoin an 20ú Samhain 2013. Fuaireamar alán iarratais chun na postanna san a líonadh. 
An dea-scéal ata agam ná go bhfuil na múinteoirí roghnaithe anois a bheidh sa scoil don bhliain: Siobhán Ní Bhruacháin a fhanfaidh i Rang 4 agus múinteoir nua, Múinteoir Gráinne Ní Éalaí, a thógfaidh Rang 3 go deireadh na scoilbhliana (Meitheamh 2014). Tosnóidh an múinteoir álainn nua seo ar an Luan an 2a Nollag 2013.
Is oth liom a rá mar sin go mbeidh Múinteoir Aodán ag fágaint slán linn. Gúimíd gach rath air sa todhchaí agus tá súil againn go bhfeicfimíd go luath arís é amach anseo.
Tá súil agam go mbeidh deireadh seachtaine deas agaibh ar fad!

Dear parents, 
As most of you are aware we were functioning without two teachers at the start of this year. This is a situation that was/is completely beyond our control as we cannot appoint our teachers until the panel of  teachers for redeployment is cleared. That is why our Special Education staff (Múinteoir Áine -learning support- in Rang 4 and Múinteoir Alma -resource teacher- in Rang 3) were teaching classes until the mid term break. After mid-term we took on teachers in a temporary capacity until our vacancies were filled following the interview process. These interviews were conducted in the school last Wednesday 20th Nov 2013.
The good news is that we have appointed our teachers! They are Siobhán Ní Bhruacháin who will stay in Rang 4 and a new teacher, Gráinne Ní Éalaí, who will take Rang 3 until the end of this schoolyear (June 2014). She will start here on Monday the 2nd of December 2013.
I'm sorry to say that this means that Múinteoir Aodán will be leaving us. We wish him every success and hope to see him again and again in the future. 
Wishing you all a lovely weekend!


Sinéad Ní Mhurchú