Friday, 7 February 2014

"Rith 2014" - Páistí go léir / "Rith(Run) 2014" - All children

A thuismitheoirí, a chairde,
Tá dea-scéal agam daoibh! Táimid tar éis cur isteach ar "Rith 2014". Is éard atá i gceist ann ná féile náisiúnta a bheidh ar siúl do Sheachtain na Gaeilge, 07-15 Márta 2014. Ta cúrsa 1000 Km leagtha amach chun ollrith sealaíochta gan stad a dhéanamh ó Bhaile Bhuirne i gCo. Chorcaí go Béal Feiriste thar 9 lá leis na mílte duine ag glacadh páirte ann. Is slí úrnua é Rith 2014 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann.
D'éirigh linn km iontach i gcroílár na chathrach a fháil - 1km ar Shráid Phádraig! Beidh na bóithre dúnta don bhféile agus teastaíonn uaim go mbeidh an scoil ar fad páirteach ann ó Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang 5. Beidh sé ar siúl againn ar an 7ú Márta '14 ag timpeall 1 a chlog. Beidh na páistí ag fáilt busanna ón scoil agus thar nais ina dhiaidh. Beidh fáilte roimh lucht féachanna. Táimid ag lorg lucht féachanna chun tacaíocht a thabhairt dúinn! Cuirfidh sé go mór le seachtain na Gaeilge.
Cuirfidh sé chomh maith le haclaíocht agus gníomhaíocht na bpáistí. Táimid chun tús a cur leis an dtraenáil láithreach! Tá súil agam go mbeidh gach éinne in ann a bheith ann! Gan amhras munar féidir, tá sé go breá ach scéal a cur chugainn roimh ré.
Cuirfear tuillradh eolas chugaibh go luath.
Dear parents,
I have good news for you! We have entered "Rith (Run) 2014". It is a national festival that will be held for Seachtain na Gaeilge (Irish Week), 07 - 15 March 2014. There will be a 9-day, 1000 Km relay marathon from Ballyvourney in Co. Cork to Belfast with thousands of people taking part. Rith 2014 is a new initiative to celebrate the Irish language and culture in a very visible way to people all around Ireland.
We succeeded in getting a great kilometer in the very centre of the city - 1km on Patrick Street! The roads will be closed for the festival and I want the whole school to take part, from Junior Infants to 5th Class. It will be on the 7th March '14 at around 1 o'clock for us. The children will be taking buses from school there and back. Supporters are welcome. We are looking for supporters to cheer us on! It will hugely add to Seachtain na Gaeilge. (Irish Week).
It will also increase the childrens' fitness and activity. We are going to start training immediately! I hope everyone will be able to be there! Of course, if you can't that is fine but please let us know beforehand if your child cannot participate.
You will receive more information soon.