Thursday, 25 June 2015

Gaeilgeoirí na Seachtaine 26 – Meitheamh - 2015

Féach ar Seo !
Gaeilgeoirí na Seachtaine
26 – Meitheamh - 2015

Leath lá/ Half Day 26/06/15


Tá cead ag na páistí éide spóirt a chaitheamh amárach 26/06/15.
Tá cead acu bréagáin amháin a thabhairt isteach( nach bhfuil ró luachmhar.)
Tá cead acu dhá rud mhilis a bheith acu leis an lón chomh maith. 


The pupils can wear their school tracksuit tomorrow 26/06/15. 
They can bring in one toy (that isn't too expensive/ precious.)
They can have two sweet treats with their lunch also. 

Wednesday, 24 June 2015

Blankets of Hope

Carolyn from The Girls Club Cork came to our school last Thursday and was presented with an amazing five blankets by the children. She was thrilled to receive them and we were very proud to be presenting them. This was a fantastic achievement - you may remember we only started knitting after Easter. Huge thanks to the children for embracing this very worthwhile cause and for the parents who helped them. See the link to the Blankets of Hope facebook page.

Grianghraif / Photos






Tuesday, 23 June 2015

Fillteáin SALF











Féinmheastóireacht/ Self Assessment and Learning Folders:

Tá leabhar oibre/ fillteán SALF ag gach páiste sa scoil. S'éard an aidhm atá acu ná chun na páistí a chur i gceannas ar a gcuid foghlaim agus meastóireacht féin. Ba chóir go mbeadh na páistí abalta measúnú a dhéanamh ar a gcumas, ar a láidreachtaí agus laigeachtaí. Cabhraíonn na fillteán SALF le seo. Coimeádann siad cuntas ar a gcuid oideachas féin- is leabhar pearsanta é, lán de dea-samplaí d'obair atá déanta acu i rith na bliana. 
Beidh praghas (€3.95) an fillteán san áireamh i mbille na scoile, Meán Fómhair 2015.
Molaimíd gan iad a athúsáid gach bliain mar is bailiúcháin deas iad don obair atá déanta acu i rith na bliana

Every pupil in the school has either a SALF workbook/folder. 

SALF enables children to learn the language of learning, to develop a value system on their personal learning and to share insights into personal learning.

The folders are personal and contain examples of work that they have completed throughout the year. They keep an account of their own learning and they self assess in the process. 

It also acts as a portfolio of what they think is their best work.

The price (€3.95) of SALF workbook/folder will be included in the school bill for September 2015 as the school purchases them directly from the supplier for you. 
(We don't recommend emptying and reusing this year's ones as they are nice to keep and look back on at home. They would also get old and tattered if the same ones were used every year. )

Proifílithe na bpáistí Rang a 6/ 6th class profiles


Tuismitheoirí rang a 6, 
Bí cinnte go bhfuil an próifíl a seoladh abhaile ar an 11/06/15 líonta isteach agaibh agus ag Múinteoir Eavan amárach 24/06/15.
Mar is eol daoibh, seolfaimíd an proifíl sin, in éineacht le proifíl a líon do pháiste féin isteach leis an dtuairisc scoile chuig an méanscoil a bheidh siad ag freastal air. 
Go raibh maith agaibh. 

6th class parents:
Please make sure that you have returned 'My Child's Profile' (you received it on the 11/06/15.) 
As you know, we will forward it, along with a profile that your child has filled out and their report card to your chosen secondary school.

Go raibh maith agaibh. 

Caillte & Faighte 22.06.2015

Iniata tá grianghrafanna dosna rudaí éagsúla sa bhosca 'caillte agus faighte' in oifig na scoile. Beidh siad ag dul go dtí siopa St. Vincent de Paul ar an aoine (26.06.2015) muna thagann éinne chun iad a fháil.
Attached are photos of various items in the 'Lost and Found' box in the school office. They will be brought to the St. Vincent de Paul shop this Friday (26.06.2015) if nobody claims them in the meantime

Grianghraif / Photos


Leath Lá / Half Day

Beidh leath lá scoile againn ar an Aoine an 26/06/2015. Beidh na naíonáin agus muintir an bhus ag dul abhaile ag a 11.45 a.m. agus an chuid eile don scoil ag dul abhaile ag a 12.15. Tá cead ag deartháireacha agus ag deirfiúracha na naíonáin dul abhaile leo ag a 11.45.

We are having a half day on Friday 26/06/2015. The infants and those that go home on the school bus will finish at 11.45 and the rest of the children will finish at 12.15. As usual on these days siblings of children finishing at 11.45 a.m. can leave with them at that time.

Caillte agus faighte / Lost and found

Tá an-chuid geansaithe scoile agus spóirt sa bhosca caillte agus faighte in oifig le Hilda. Tar isteach chun féachaint tríd roimh Dé hAoine má tá geansaí spóirt srl in easnamh ag do pháistí. Míle buíochas!

There is a lot of school rugby shirts etc in the lost and found box in Hilda's office. Please come in and have a look through it before Friday if your child has lost any item of school uniform. 

Monday, 22 June 2015

Míoltóga Gruaige - Rang 1 / Head Lice - 1st Class

A thuistí, 
Cás míoltóga ghruaige arís (22/06/2015) i Rang 1 . Scrúdaigh gruaig do pháiste anocht agus cuir an leigheas cuí air más gá. Tá sé an-dheacair fáilt réidh le míoltóga ghruaige muna bhféachann gach clann ar gruaig a bpáistí féin.Táim ag impí oraibh seo a dhéanamh chun cosc a chur ar an fhadhb go tapaidh.
Dear parents,
There is another case of  a case of head lice (22/06/2015) in 1st ClassPlease check your child's hair tonight and treat it if necessary. It is very hard to get rid of head lice if each family does not look at their own children's heads. I am imploring you to do this to stop the problem quickly.


Campa Samhraidh

Is oth liom ará nach mbeidh an Campa Samhraidh ag dul ar aghaidh an tseachtain seo chughainn (29/06/2015 - 02/07/2015) de bharr easpa uimhreacha. Níl aon dul as.


Unfortunately, due to lack of numbers for the Campa Samhraidh next week(29/06/2015 - 02/07/2015), it will not be going ahead. Apologies for any inconvenience caused.

Sunday, 21 June 2015

Slán le Rang a 6


Toisc go mbeidh preabchaisleán ar scoil Dé Luain 22/06/15, tá cead ag na páistí ar fad éide spóirt na scoile a chaitheamh, seachas rang a 6. Caithfidh rang a 6 an éide scoile ceart a chaitheamh don aifreann agus bronnadh céime. Tá cead acu éide spóirt a thabhairt leo agus athrú ar scoil más mian leo. 


As we have a bouncy castle organised as part of 'Slán le Rang a 6' tomorrow (Monday 22/06/15), all pupils can wear their school tracksuit to school, except for 6th class. 6th class will need to wear their full school uniform for graduation and mass. They can however bring their school tracksuit with them to change at some stage if they wish. 




Friday, 19 June 2015

Gaeilgeoirí na Seachtaine 19 – Meitheamh - 2015

Féach ar Seo !
Gaeilgeoirí na Seachtaine
19 – Meitheamh - 2015

Grainghrafanna an Lá Fraincise / French Day photos

Féach ar seo!

Rang 6 - Lá Fraincise

Thursday, 18 June 2015

Muintir an Bhus / School Transport Users

Nóta ó CIE : Message from CIE: 

Ní bheidh an bus scoile ag rith ar an chéad dha lá don téarma seo chughainn an 27/08/2015 & 28/08/2015. Eagraigh modh taisteal eile le bhur dtola.
CIE are not providing school transport for the first two days of term next year 27/08/2015 & 27/08/2015. Please organise alternative transport.

Wednesday, 17 June 2015

Ag Fágaint slán le Rang a 6/ Goodbye to 6th class

A thuistí,

 

Tá lá taitneamhach beartaithe againn ar an Luan seo chugainn an 22ú Meitheamh 2015 chun slán a fhágaint le rang a 6:

-Aifreann ag a 12 sa séipéal

-Cóisir sa scoil ag a 2.30 . Searmanas Bronnadh Céime a bheidh i gceist. Fáilte roimh tuistí agus clainne rang a 6 chuigh an ócáid speisialt aseo.

Beidh píotsa agus uachtar reoite ar díol.

Beidh  'Volcan Pizza'  agus Glanmire Ices sa chlós

Tae agus Caife á chur ar fáil ag tuismitheoirí rang a 5.

Níl fear an píotsa chun glacadh le airgead. Scéim Tokens a bheidh i gceist. Beidh tokens ar díol ag  tuistí rang a 5.

Beidh páistí rang a 6 ag fáil token do slios píotsa agus uachtar reoite saor in aoise an duine!!

Táimid ag súil go mór leis an lá!!

 

Dear parents,

We have a wonderful day planned for this coming Monday 22nd June '15 to say goodbye to 6th class:

- Mass at 12 noon in the parish church.

- A party at the school at 2.30 pm. It will be a graduation ceremony. Parents and families of 6th class are welcome to this special occasion.

There will be pizza and ice-cream for sale.

'Volcano Pizza' and Glanmire Ices in the school yard.

Parents of 5th Class will be serving tea and coffee.

The pizza man will not be accepting money. It will be a tokens system. Parents of 5th class will be selling the tokens.

6th class pupils will be getting a free token for pizza and ice cream             !!

We are really looking forward to the day!!

Banna Ceoil/ School Music Group

Tabhair urlisí isteach amárach (18ú agus 19ú Meitheamh '15) agus ar an Aoine chun cleachtadh a dhéanamh don Aifreann scoile ar an Luan an 22ú.

Please bring in musical instruments tomorrow and Friday (18th and 19th June '15) to practice for the school Mass on Monday 22nd.

Tuairiscí Scoile/ School Reports 2015





Tuairiscí Scoile/ School Reports 2015:

Tá na tuairiscí scoile seolta abhaile againn inniu 17/06/15.
Tá suíomh iontacha déanta ag an Roinn Oideachas chun eolas a thabhairt do thuismitheoirí agus iad ag tabhairt tacaíocht dá bpáistí sa bhaile.
'Help my kid learn' an t-ainm atá air. 

Tá an nasc ar fáil anseo   

The school reports have been sent home today 17/06/15.
The Department of Education and Skills have developed a wonderful website to support you in helping your child learn at home every day. The website is called 'Help my Kid Learn.'

Click here to view this website. 

Monday, 15 June 2015

Lá Spóirt/ Sports Day 2015



De bharr bliots atá ag rang a 5+ 6 ar an gCéadaoin (17/06/15) tá an dáta don Lá Spóirt athraithe. 
Due to a 5th and 6th class blitz on Wednesday 17/06/15 the Sports Day date has changed.

Tá sé ar siúl ar an nDéardaoin 18/06/15 anois! 
Our Sports Day is now Thursday 18/06/15! 

Bí cinnte go bhfuil éide spóirt agus uachtar gréine ar do pháiste ar an lá. 
Please ensure your child wears their school tracksuit and suncream. 

Campa Samhraidh 2015















Tá campa Samhraidh ar siúl i nGaelscoil Chionn tSáile 29/06/15- 02/07/15 (Dé Luain- Déardaoin)

There is a Summer Camp being held in Gaelscoil Chionn tSáile from the 29/06/15- 02/07/15 (Mon- Thurs.)

For more information you can view the poster here

Múinteoir Ciara Ní Chonchúir. 

Cainteoir- Brian Ó Cearnaigh- An Afraic

An Afraic- Rang a 4
            





















Ár mbuíochas (Our thanks) le Brian Ó Cearnaigh, tuismitheoir atá againn sa scoil a labhair le rang a 4 faoin Afraic (who spoke to 4th class about his experiences in Africa.) Thaispeáin sé roinnt déantáin dúinn (artefacts) agus grianghraif (photos). D'fhoghlaim na páistí ana chuid! (The pupils loved learning all about another culture.)

Rang 6 / 6th Class

Bíodh bhur néadaí scoile á chaitheamh agaibh amárach (16/06/2015) le bhur dtola i gcóir grianghraf eile don rang.
Please wear your full school uniform tomorrow (16/06/2015) for another class photo


Bliots Tag rugbaí R5-R6

Bliots Tag Rugabí Ranganna 5 agus 6:

Cathain/ When: Dé Céadaoin 17/06/15

Cén áit/ Where: Kinsale Rugby Club

Am/ Time: 10.00r.n.-12.30 i.n. 

Gheobhaidh siad bus ann. €4 an páiste muna bhfuil sé íoctha agaibh le bhur dtola. (€4 per pupil if they did not already pay on the day that it was postponed.)

Míoltóga gruaige - Rang 1 / Head lice - 1st Class

A thuistí, 
Cuireadh ar an eolas mé inniu (15/06/2015)go raibh cás míoltóga ghruaige i Rang 1 . Scrúdaigh gruaig do pháiste anocht agus cuir an leigheas cuí air más gá. Tá sé an-dheacair fáilt réidh le míoltóga ghruaige muna bhféachann gach clann ar gruaig a bpáistí féin.Táim ag impí oraibh seo a dhéanamh chun cosc a chur ar an fhadhb go tapaidh.
Dear parents,
I have been informed today of  a case of head lice in 1st ClassPlease check your child's hair tonight and treat it if necessary. It is very hard to get rid of head lice if each family does not look at their own children's heads. I am imploring you to do this to stop the problem quickly.


Friday, 12 June 2015

Turas Scoile Rang 1 agus Rang 2

Beidh turas scoile R1 agus R2 ar an Máirt seo chugainn (Next Tuesday) 16/5/2015. Beimid ag dul chuig an Outdoor Education Centre i gCionn tSáile.
Beidh ar na páistí a bheith ag an ionad ag a 09:00rn. (Children must be dropped at the Outdoor Education Centre for 9:00am.) Beidh ar thuismitheoirí iad a bhailiú ón ionad ag a 3:00pm. (Children must be collected by parents from the centre at 3:00pm)
Beidh leath den lá ar uisce agus leath ar an talamh. (Half the day will be on the water and half will be on land).

Ag teastáil ó gach páiste beidh: (Every child needs to bring)
Lón (lunch)
Culaith snámha (Swimming togs)
Sean broga reatha (Old runners)
Tuáille (towel)
Éadaí breise (Change of old warm clothes)
Cóta uiscedhíonach don uisce (waterproof jacket for the water).

Bígí ag guí anois do aimsir deas!!

Turas Scoile Rang a 5

Maidir leis an turas scoile an Máirt se chugann (16/6/15) chuig Funkytown. Beidh ar na bpáistí na rudaí seo a leanas a thógaint leo

Regarding next Tuesday's school tour (16/6/15) to Funkytown. The children will need to bring the following with them:

- Wetsuit (if you don't have one, one will be provided)
- Old pair of runners
- Lón
- Towel

Go raibh maith agaibh,
Aodán.

Gaeilgeoirí na Seachtaine 12 – Meitheamh - 2015

Féach ar Seo !
Gaeilgeoirí na Seachtaine
12 – Meitheamh - 2015

Spórt na Cathrach (City Sports) 2015

Comhghairdeas mór le gach páiste a glac páirt i Spórt na Cathrach, Dé Céadaoin (10/06/2015). Bhí lá iontach againn in ainneoin na deacrachtaí a bhí againn ó thaobh an trácht de. Bhí gach páiste ann chomh dea-bhéasach agus dheineadar a dhícheall i ngach rás inár nglachadar páirt ann. Maith sibh a pháistí! Bhíomar an-bhrodúil asaimh. Bhuamar an-chuid ar an lá ach go háirithe caithimid comhghairdeas mór ará le na cailíní a bhuaigh an rannóg don scoil is fearr toisc an méid a bhuadar. Chomh maith leis sin d'éirigh le Fionn Ó Briain (Rang a 6), Erhan Ó Faircheallaigh (Rang a 3) agus Eve Ní Chorcora (Rang a 3) áit a bhaint amach i rás chroabh na contae. Comhghairdeas mór leis an triúir agaibh!
Go raibh maith agat leis, do na tuismitheoirí, dearthaireacha agus deirfiúracha a tháinig chun tacaíocht a thabhairt do páistí na scoile.

Congratulations to every child who took part in Cork City Sports, Wednesday 10/06/2015, representing Gaelscoil Chionn tSáile . We had a great day despite the traffic problems in the morning. All children, were so good on the day and ran their hearts out. Well done boys and girls! We're so proud of you all. We won a lot of trophies on the day, especially the girls who won a trophy for the overall best school in their category. As well as that a special congratulations must be given to Fionn Ó Briain (6th class), Erhan Ó Faircheallaigh (3rd class) and Eve Ní Chorcora (3rd) who succeeded on making it to the county finals, not an easy task. Well done again to all. Thanks to all the parents, brothers and sisters who came to support the children on the day.

Sciath na Scol Football Primary Game Cork v Clare 14/06/2015





















Roghnaíodh Mícheál Ó Murchú (R6) ar son foireann Chorcaí do chomórtas Peile Bunscoil Sciath na Scol 2015. Is onóir mór é do Mícheál dá chlann agus don scoil. Ní phiocadar ach 11 buachaill ón gcontae ar fad. Comhghairdeas Mícheál ó mhuintir Gaelscoil Chionn tSaile!!

Tá Contae Chorcaí ag imirt in aghaidh Contae an Chláir sa chomórtas peile sinsir, ar an Domhnach, 14/06/2015 ag a 3.30pm. Beidh siad ag imirt i bPáirc Uí Rinn. Beidh Mícheál ag imirt ag leath ama, timpeall 4.05 pm. Tá súil againn go mbeidh slua mór ann ag tabhairt tacaíocht do (agus an fhoireann sinsir dár ndóigh). Go n-eirí leat Mícheál!! Beir bua! 


Mícheál Ó Murchú (6th class) has been selected to represent Cork in the Sciath na Scol Football Primary Game 2015. It is a great honour for Mícheál, his family and the school. Only 11 boys from the entire county were picked. A huge congratulations to Mícheál from everyone here in Gaelscoil Chionn tSáile.

Cork play Clare in the senior football Munster semi final on Sunday, 14/06/2015 at 3.30pm. They will be playing in Páirc Uí Rinn. Mícheál will be playing during half time of this game at approximately 4.05 pm. We hope that there will be a crowd there to support him (and of course our Cork senior team!) Best of luck Mícheál!!! 

Turas Scoile na Naíonáin 2015

Beidh na naíonáin (infant classes) ag dul go dtí Feirm Rumley (Rumley's Farm) Dé Máirt, 16/06/2015. Beidh an bus ag fágaint (leaving) ag a 9.00am. Bí in am. (Be on time) Beimid ar ais ar scoil (back to school) i gcóir (for) 1.30pm. Bí cinnte (make sure they have) go bhfuil lón (lunch) agus cúpla deoch (couple of drinks) acu. Bíodh (they need to wear) an éide spórt na scoile (school sports uniform) agus uachtar gréine (sunscreen) orthu. Táimid ag lorg (looking for) tuismitheoir amháin eile (one more parent) a bheidh sásta teacht linn (to accompany us) don lá (for the day). Chuir glaoch (ring) ar Hilda maidin (morning) Dé Luain (15/06/2015) más féidir leat dul (if you can go). Go raibh míle maith agaibh. Tá súil agam go mbeidh aimsir deas againn.


Turas Scoile Ranganna 3+4/ School Tour 3rd +4th clas

Turas Scoile Ranganna 3+4/ School tour 3rd and 4th class. 

Áit/ Venue: Trabeg Sports Centre, Let's Go!

Dáta/ Date: 16/06/15 Dé Máirt

Bus ag fágaint na scoile/ Leaving school: 08.30 r.n.

Bus ar ais ar scoil/ back at school: 15.50 i.n.

Costas: €28

Ag Teastáil/ Needed: Éide spórt na scoile/ school tracksuit, muinchillí fada/ Long sleeves for zorbing (to avoid friction burn.) Bríste gearra más mian leo/ school shorts if they like, Lón/ packed lunch, uisce/ water, uachtar gréine/ sun cream. 

Táimíd ag súil go mór leis!

Campa Samhraidh 2015

Beidh Campa Samhraidh ar siúl i nGaelscoil Chionn tSáile ar an 29ú lá de mí Meitheamh  2015 go dtí an 2ú lá de mí Iúil 2015. Beidh sé ar siúl óna 9.30am go dtí 2.00pm gach lá. Cluiche do gach sórt a bheidh ar siúl sa champa seo. Beidh Gaeilge á labhairt sa champa seo an t-am ar fad. Cosnóidh sé 50euro an páiste. Seol roimhphost go dtí
campasamhraidh15@gmail.com chun áit a shábháil ar son do pháiste. Ní bheimid in ann glacadh le gach páiste, mar sin de, déan é seo chomh luath agus is féidir leat. Tá póstéir suas timpeall na scoile. Táimid ag tnúth le roinnt do na páistí a fheiscint ann.


A Summer Camp will be held in Gaelscoil Chionn tSáile from the 29th of June 2015 to the 2nd of July 2015. It will be on from 9.30am to 2.00pm each day. A variety of sports, arts and games will be included in the camp schedule. Gaeilge will be spoken at all times by the teachers / instructors. It is 50euro per child, with various discounts for multiple family members. Send an email to campasamhraidh15@gmail.com to ensure your place as soon as possible as they are limited and unfortunately we won't be able to accept every child. Posters are up in the school and we look forward to seeing some of the children there.

Múinteoir Ciara Ní Chonchúir.

Thursday, 11 June 2015

Ficheall

Sin deireadh le ficheall don bhliain seo! Tosnóidh sé arís í Mí Meán Fómhair. Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil le Oliva Queve as ucht an cabhair ar fad a thug sé don foireann fichille gach Luan i ndiaidh scoile.

Blitz rugbaí Rang 5 agus 6

Rang 5 agus 6

Beidh Blitz rugbaí (Rugby Blitz) ar siúl amárach (tomorrow) 12/06/2015 do rang 5 agus 6 (Fifth and Sixth Class) sa club rugbaí i gCionn tSáile (Kinsale Rugby Club). Beidh costas 4 euro (4 euro per child) le bhur dtola.

Go raibh míle maith agaibh!

Tuismitheoirí Rang a 6

Tuismitheoirí rang a 6, 
Tá proifíl seolta abhaile inniu i málaí scoile na bpáistí 11/06/15. 
Líon isteach iad agus seol ar ais chuig an múinteoir ranga roimh an Céadaoin seo chugainn 17/06/15. Seolfaimíd an proifíl sin, in éineacht le proifíl a líon do pháiste féin isteach leis an dtuairisc scoile chuig an méanscoil a bheidh siad ag freastal air. 
Go raibh maith agaibh. 

Dear 6th class parents, 
'My child's profile' has been sent home in the pupils' school bags today 11/06/15. 
Please fill it in and return it to your class teacher before Wednesday 17/06/15. 
We will send it on, along with a profile that your child has filled out and their report card to your chosen secondary school. 

A thuilleadh eolais/ more info anseo

Go raibh maith agaibh.  

Maith sibh!



Rinne roinnt páistí ó ranganna 3+4 go diail ar fad ar an máirt 09/06/15 nuair a d'imir siad iománaíocht i gcoinne SN Dún Darú, d'imir siad go han-mhaith. 

Some 3rd and 4th class pupils played hurling against Dunderrow NS Tuesday 09/06/15 and they all did very well. Maith sibh :-)
 

Blankets of Hope

We are putting the last squares together in our "blankets for hope" – Huge thanks to all the sewers and knitters who have been working quietly… we have 4 completed blankets.. this is a huge achievement for all of our children who have been knitting since Easter- they have knitted over 700 squares already….we need more squares to finish the 5th  blanket, we only need about 50. Can I ask you to once again encourage the kids to knit one more square.  Once completed please drop them into Hilda and I will pick them up.

Remember its 20 stitches and 20 counted rows – it should end up as a square about 12cm square.

Grace Crowley


Wednesday, 10 June 2015

Oideachas Caidreamh agus Gnéasachta / Relationships and Sexuality Education

Eolas tábhachtach faoin Oideachais Caidreamh agus Gnéasachta.
Tá sé i gceist ag na múinteoirí ranga na codanna mothálacha a chlúdach ar an 18ú Meitheamh 2015.

Important Information regarding Relationships and Sexuality Education.
The class teachers propose to cover the sensitive subjects on the 18th June 2015.

Oideachas Caidreamh agus Gnéasachta Relationships and Sexuality Education (RSE).pdf

Eochar faighte / Key found

An le éinne an eochar seo? Faighter i gclós na scoile é timpeall dhá sheachtain ó shin.

Does anyone own this key? It was found in the school yard about two weeks ago.






Final cake sale

The final cake sale of the school year will take place tomorrow Thursday 11th June 2015, this time hosted by the very patient Senior Infants! Also tomorrow the new junior infants for 2015-2016 will be coming into school from 10am to 11.30am and they will also be invited to attend the cake sale.  6th class will be helping Senior Infants and will also sell teas and coffees to these parents. So as normal can each child bring in at least €1 tomorrow to buy a cake or bun. There will be gluten free cakes available and as usual a strict nut free policy for all the baking. Thanks again to all parents who have sent in the very valuable euros and baking through the year. It has proved to be a very enjoyable and successful fundraiser.

Carol O'Callaghan
Senior Infants

Iománaíocht/ Hurling R6

Beidh cluiche cheannais iománaíochta ag roinnt páistí ó rang a 6 amárach (Déardaoin 11/06/15) i gcoinne S.N. Chóbh Chionn tSáile ag a 1.30 i.n. ag siúl chuig agus ar ais ó bpáirc CLG Chionn tSáile. 

Some 6th class pupils have a hurling final V Summercove National School tomorrow (Thursday 11/06/15) at 1.30pm in Kinsale GAA pitch, walking to and from the pitch. 

Tuesday, 9 June 2015

Míoltóga Gruaige / Head lice

A thuistí, 
Cuireadh ar an eolas mé go bhfuil cás míoltóga ghruaige i Rang 2 (M. Róisín) inniu 19/06/2015. Scrúdaigh gruaig do pháiste anocht agus cuir an leigheas cuí air más gá. Tá sé an-dheacair fáilt réidh le míoltóga ghruaige muna bhféachann gach clann ar gruaig a bpáistí féin.Táim ag impí oraibh seo a dhéanamh chun cosc a chur ar an fhadhb go tapaidh.
Dear parents,
I have been informed of  a case of head lice in 2nd Class (M. Róisín) today 09/06/2015Please check your child's hair tonight and treat it if necessary. It is very hard to get rid of head lice if each family does not look at their own children's heads. I am imploring you to do this to stop the problem quickly.


Monday, 8 June 2015

Cluiche Iománaíochta R4

Tá cluiche Iománaíochta ag roinnt páistí amárach, Dé Máirt, 09/06/15.
Cluiche ceannais V Dunderrow atá i gceist. Ag siúl go/ar ais páirc CLG Cionn tSáile ataimíd, fagaint na scoile ag a 10.00.

Some pupils in 4th class have a hurling final V Dunderrow school tomorrow, Tuesday, 09/06/15.
We will be walking to and from Kinsale GAA pitch, leaving school at 10am.

Corn 6 náisiún/ Six nations Trophy

                                                                                Tá an chorn 6 náisiúin ag teacht chuig na scoile amárach Dé Máirt 09/06/15. 
Tá fáilte roimh na páistí bratacha éire agus geansaithe glas a chaitheamh más mian leo.

The six nations trophy is coming to the school tomorrow, Tuesday, 09/06/15! Pupils are welcome to bring in Irish flags or wear green jersey if they wish.

Rang 6 / 6th Class

An éada scoile iomán á chaitheamh agaibh amárach (09/06/2015) le bhur dtola, i gcóir grianghraf.

Please wear your full school uniform tomorrow (09/06/2015) for roup and individual photos


Sunday, 7 June 2015

Dátaí Tábhachtachta / Important dates

Beidh gleacaíocht ( gymnastics) ag na páistí ar an Aoine bheag seo an 12/06/2015 agus ar an Luan an 15/06/2015. Sin deireadh leis na ranganna ansan I mbliana.

Turasanna scoile ar an Mháirt an 16/06/2015.

Ag brath ar aimsir ( Weather permitting) beidh ár lá sport bliainiúil (sports day) againn ar an gCéadaoin an 17/06/2016.

Beidh céiliúradh mór againn ( big celebration ) ar an Luan an 22/06/2015. Beidh Aifreann scoile againn ag a 12 sa Séipéal. Fáilte roimh cách ( All welcome to attend). Beidh veain uachtar reoite agus caisleán mór preabaigh ( ice-cream van & inflatable obstacle course) I gclós na scoile ar an lá ( in the school yard on the day).Is bronntanas é seo ón nGaelscoil chun ár mbuíochas a gabháil libh as an tacaíocht atá tugtha agaibh dúinn I bliana.(This is our gift to the children and a  small  way of thanking you for all the support and energy you have put into making this year a great year for the Gaelscoil.)
 Beidh cóisir ( party) do pháistí rang a sé agus dtuismitheoirí ( for 6th class pupils and their parents) ag a 2.30 ar an lá 22/06/2015. Níos mó eolais faoi seo agus faoi an tseachtain sin ag dul amach go luath. (More information on this gathering and the remainder of that week 23/06/2015 - 26/06/2015 will be sent out shortly).


Friday, 5 June 2015

Gaeilgeoirí na Seachtaine 05 – Meitheamh - 2015

Féach ar Seo !

Gaeilgeoirí na Seachtaine
05 – Meitheamh - 2015

Féile Peile Gael Linn




Féile Peile Gael Linn: 
D'éirigh go h-iontach linn ar ár dturas thar oíche i gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise an Máirt seo chaite 02/06/15! (We enjoyed our football trip to Rinn, where we played against other Gaelscoileanna and Gaeltacht schools.) Tá roinnt grianghraif ar fáil anseo
 

Fwd: Cuireadh do cách go dtí an Mórshiúl Corpus Christi ar an Domhnach seo chugainn / Invitation for everyone to the Corpus Christi procession this Sunday



Beidh mórshiúl Corpus Christi ar siúl i ndiaidh Aifreann 12 a chlog ag  tSéipéil Naomh Eoin ar an Domhnach seo chugainn an 07.06.2015. Mar a dúradh cheanna, beidh Rang an gCéad Chomaoineach gléasta suas agus rudaí speisíalta á dhéanamh acu (féach ar an post 04.06.2015) ach tá cuireadh ag gach éinne dul chun páirt a ghlacadh ar an lá.

The Corpus Christi procession will take place after the 12 o' clock mass on Sunday, 7th June 2015 in the St John the Baptist Church. As already announced (see post on 04.05.'15 below), the First Holy communion class will be dressed in the clothes that they wore for their First Holy Communion and will be involved in the ceremony but all  are invited to come and take part also on the day.


Spórt na Cathrach 2015

Comhghairdeas do gach duine a d'éirigh leo sna rásaí do Spórt na Cathrach. Tá Spórt na Cathrach ar siúl an Chéadaoin seo chughainn (10/06/2015). Beidh sé ar siúl i gcampa CIT, i gcathair Chorcaí i mbliana.

Tá litir seolta abhaile le na páistí inniu (05/06/2015) leis an t-eolas ar fad. Tá rud le síniú istigh ann agus caithfidh sibh é a sheoladh ar ais chuig na múinteoirí ar an Luan (08/06/2015).

Clár ama (Timetable) don lá (10/05/2014):

Buachaillí 

10.00a.m. Ag buaileadh (meeting) le na múinteoirí (A place has been highlighted on the map sent home.)
10.30a.m. Rásanna ag tosnú
11.00a.m. Ath rás (Relay)
11.30a.m. Rásaí Cheannais an chontae.


Cailíní

12.30p.m. Ag buaileadh le na múinteoirí (A place has been highlighted on the map sent home.)
1.00p.m. Rásanna ag tosnú
1.30p.m Ath Rás (Relay)
2.00p.m. Rásaí Cheannais an Chontae



Congratulations to every boy and girl who succeeded in the heats for City Sports. The big day is on next Wednesday (10/06/2015). This year City Sports will be held in CIT campus in Bishopstown as Páirc Uí Chaoimh is out of action. 

All the information has been sent home today (05/06/2015) with the children in their schoolbags. A permission slip needs to signed and sent back in for Monday (08/06/2015).

Please review the timetable above.

If you have any other questions, please do not hesitate to send in your queries through Hilda and I will do my best to get back to you as promptly as possible.

Múinteoir Ciara





Thursday, 4 June 2015

2015/2016 Leabhar Liostaí / Book Lists

Seo Leabhar Liostaí na bliana seo chughainn 2015/2016. Beidh billí leabhair ar chíos agus costaisí scoile éagsúla ag dul amach i Mí Meán Fhómhair mar is ghnáth.

The following is a link to the 2015/2016 Book Lists. A school bill comprised of book rental , insurance costs etc will go out as per usual in September.

Liosta leabhair le cheannach 2015 - 2016

Tuismitheoirí / Parents

Meabhrúcháin: Tá airgead na dturasanna scoile le híoc anois. 

Níl sé riachtannach ach bheimís an-bhuíoch daoibh dá ndéanfaidh sibh an íocaíocht seo agus íocaíochtaí eile ar líne. Laighdaíonn sé seo go mór an méid obair le déanamh againn anseo ó thaobh airgead / fáilteasaí / cúntaisí de. Tá córas iontach ceannaithe ag an scoil chun an t-eagrúcháin airgid go léir a dhéanamh agus níl ach moladh ard dó ag na tuismitheoirí a úsáideann é. Níl le déanamh agaibh ach dul ar suíomh na scoile www.gaelscoilchionntsaile.ie - > 'eolas' -> 'on-line payment' (nó cliceáil ar an nasc thíos). Ansin is féidir leat do sheoladh ríomhphoist (a thug tú don scoil) a úsáid chun do chúntas a fheiscint agus chun íoc as na billí. Is féidir iad a íoc i gcuideanna thar €5 más mian leat.. Má tá aon fadhbanna agat leis an bpróiseas, is féidir leat glaoch ar an  scoil. Tá an córas ag obair go maith. 

Reminder - school tour money is now due.
 
It is not imperative - but we would really appreciate it if you could pay this bill and others on line. This hugely reduces the amount of administrative work involved in collecting cash, issuing receipts, updating accounts etc, etc. The school has bought a wonderful new system that handles all of this and any parents that use it have nothing but praise for it. All you have to do is go to the school website www.gaelscoilchionntsaile.ie -> eolas -> on-line payment. Then use your email address (that you have given the school) to view your account/ pay for outstanding bills. It also allows you to pay amounts of over €5 in stages If you have any problems with the process, you can ring the school. The system is working very well. It is used by the vast majority of schools and is probably the best way for us to manage our payments now and into the future.


Cliceáil ar an nasc seo chun do bhillí scoile a fheiscint agus a íoc ar líne

Click on this link to see and to pay your bills and any outstanding monies due to the school on-line



Rang 2 - Céad Chomaoineach / 2nd Class - Holy Communion

Dear Parents,

Our final ceremony in the "Do This In Memory" programme will take place on Sunday, 7th June 2015 at the 12 noon Mass in the St John the Baptist Church. As it is the feast of Corpus Christi the children who received their First Holy Communion this year are invited to participate in the procession around the town, wearing their beautiful Holy Communion clothes.

Before the final blessing on Sunday at Mass, I will ask the Holy Communion children and their parents to leave the church to join in the procession.  This should help avoid the children getting caught up in the rush at the end of Mass.   The procession will return to the Church for Benediction.  Children will sit in the front rows and parents can meet their children there at the end of the ceremony.

I hope you and your family can attend as it is a beautiful occasion and a wonderful way to complete a very special year.

I look forward to seeing you.

Yours sincerely,


Fr. Robert Young PP

Tuesday, 2 June 2015

Transition to Secondary School

Tuismitheoirí Rang 6,

Beidh an rang (seminar) "Transition to Secondary School" ag na páistí ar an Máirt (Tuesday) 9/06/2015. Beidh múinteoirí le taithí (experienced facilitators) ag teacht chun caint leis na páistí faoi conas an féinmhuinín atá acu a mhéadú ionas go n-éiróidh leo sa mhéanscoil (to increase the children's confidence in their own ability to achieve at secondary school). Beidh oíche (evening seminar) do thuismitheoirí (for parents) ar an Luain (Monday) 15/06/2015 ar a 7in (7pm) ar siúl ar scoil (in the school) ag clúdú na príomh pointí a rinneadar leis na páistí chun cabhair a thabhairt daoibh chun cabhrú le bhur páistí agus iad ag aistriú go dtí an mhéanscoil (This talk will cover the main points dealt with in the children's seminar and will enable parents to help their children to adjust to life in second level education)

Go raibh míle maith agaibh!

Bliots Tag Rugbaí Rang 3 agus Rang 4

Beidh bliots tag rugbaí ar siúl ag Rang 3 agus Rang 4 ar an Aoine seo 5/6/15 sa chlub rugbaí. Beidh sé ar siúl ó a 10 go dtí a 12.30. Tabhair isteach €3 don mbus le bhur dtoil é.

Go raibh maith agaibh

Banna Ceoil

Tá deireadh curtha (finished) leis an banna ceoil i mbliaina (for this year). Tosnóidh(will start) an bhanna ceoil arís(again) i mí Meán Fomhair (September) 2015. Ba mhaith linn ár mbuiochas (thank you) a gabháil dos na páistí and tuismitheóirí a ghlac páirt i mbliaina.


Go raibh maith agaibh

Tuistí Rang 5

Foirmeacha HSE sna málaí scoile inniu (02/06/2015). Líon isteach iad anocht le bhur dtola agus seol thar nais iad amárach.
The children have been given HSE forms today (02/06/2015) to be filled in and returned tomorrow, please.
Hilda