Tuesday, 28 November 2017

Bosca Caillte/Faighte na scoile (Lost and Found) 28/11/2017



Tógfar chuig an siopa dara láimhe i gCionn tSáile go luath muna dtiocfaidh éinne dóibh.
They will be brought to the second hand shop in Kinsale soon if not claimed.



Friday, 24 November 2017

Gaeilgeoirí na Seachtaine, 24 – Mí na Samhna - 2017

Féach ar Seo !

Gaeilgeoirí na Seachtaine
24 – Mí na Samhna - 2017    


Thursday, 23 November 2017

Leabhair Bookpeople le cheannach sa scoil faoi láithir


Bookpeople books for sale at the school at the moment.
Dáta bailiúchán (Collection date) 30.11.2017

Wednesday, 22 November 2017

Seachtain Eolaíochta na hÉireann 2017

Bhí an-seachtain againn ag ceiliúradh seachtain eolaíochta na hÉireann i mbliana.

Chuaigh Ranganna a 4 agus a 5 go dtí Réadlann Chaisleán na Carraige Duibhe.

Chuaigh Rang a 6 go dtí Eli Lilly.

Bhí go leor trialacha eolaíochta ar siúl ag gach rang chomh maith.
Tháinig Siobhán Devlin isteach ó HANDS ON SCIENCE agus rinne sí a lán gníomhaíochtaí suimiúla le ranganna a 1 agus a 2. Ár mbuíochas léi.


We have had a great week celebrating Science week 2017.
4th and 5th class went to Blackrock Castle Observatory.
6th class visited Eli Lilly.
Every class enjoyed investigating and doing science experiments.
Siobhán Devlin from HANDS ON SCIENCE visited Rang a 1 and 2 and they did some wonderful experiments. Our thanks to Siobhán Devlin for giving us her time year after year.














Tuesday, 21 November 2017

Brat Glas- Fuinneamh a chaomhnú/ Energy conservation 2017

EARTH HOUR 13/10/17

Táimid ar thóir ár dara bhrat glas- FUINNEAMH. Táimid ag foghlaim conas úsáid fuinnimh a laghdú. 
Rinne Ranganna a 3-6 coinnleoirí le déanaí. Mhúchadar na soilse agus gach rud eile a úsáideann leictreachas agus d'imríodar cluichí boird srl ar feadh 30 nóiméad. D'fhéach siad ar an méadar roimh ré agus ina dhiadh agus fuaireadar amach go raibh laghdú mór ar an méad leictreachas a d'úsáideach i rith an 30nóiméad sin. Bhí na coinnleoirí an-áisiúl i rith Stoirm Ophelia chomh maith!

We are on the quest for our second green flag on the theme of ENERGY.  We are learning all about energy sources and how to reduce energy consumption. 

3rd-6th class recently reused jam jars to make candle holders. We held EARTH HOUR in school where we turned off all the lights and electrical devices. We measured the electricity meter before and after the event and there was a big drop in energy use. The candles also came in handy during Storm Ophelia!





Friday, 17 November 2017

Gaeilgeoirí na Seachtaine 17 - Samhain - 2017


Gaeilgeoirí na Seachtaine
17 - Samhain - 2017


 

Thursday, 16 November 2017

Cruinniú Cuiste na dTuistí / Parents Association meeting

Image result for pictures of large meeting
Dé Luain, 20/11/2017 ar 7.30 i.n. Fáilte roimh cách.

Monday 20/11/2017 at 7.30 p.m. all welcome to attend.


Foireann peile na mban Chionn tSáile

































Tá foireann peile na mban Chionn tSáile ag imirt a gcluiche leath ceannais na hÉireann i gCionn
tSáile ar an nDomhnach 19/11/17 i gCionn tSáile ag a 1 a chlog. Is ócáid mór é seo do phobal Chionn tSáile agus  guíonn gach éinne i nGaelscoil Chionn tSáile gach rath orthu. 

Beidh lá gorm agus bán againn amárach (Dé hAoine ) 17/11/17 chun ár dtacaíocht a thaispeáint dóibh. 


Kinsale Ladies football team are in the All Ireland semi final this Sunday 19/11/17 in Kinsale at 1pm. This is a big event for the town of Kinsale and the community. Best of luck to Kinsale ladies football from all at Gaelscoil Chionn tSáile. 
We are having a blue and white clothes day tomorrow at school 17/11/17 to show our support. 

Go n-éirí an t-ádh leo!

Tuesday, 14 November 2017

GriannGraffadóir ar an Deardaoin beag seo / Photographer this Thursday

Beimid ag tógaint griangrafanna dos na páistí ar fad ar an Déardaoin beag seo (16/11/2017) ó 9 a chlog ar maidin le haghaidh Féilire na Scoile 2018. Bí cinnte go mbeidh siad ag caitheamh an éide scoile iomlán glan le bhur dtola.
Bheadh sé iontach dá bhféadfadh na páistí bréagáin nó rud a bhaineann leis an mí a saolaíodh iad a thógaint isteach leo -mar shampla Feabhra -Cros Naoimh Bríde nó vailintín; Mí Dheireadh Fomhair -rud éigin do Oíche Shamhna agus mar sin de.
Bheadh sé an-cabhrach chomh maith dá scríobhfadh sibh an dáta breithe ar lámha Naí Mhóra & Naí Bheaga.
Táimid ag lorg urraíocht don bhféilire, mar sin tá sé in am anois do áit a chur in áireamh sa Féilire Ghaelscoil Chionn tSáile 2018!

We will be taking photos of all of the children, grouped by their birthday month, on this Thursday (16/11/2017) from 9am for the 2018 School Calendar. Be sure that the children are wearing their full, clean school uniform please.
If possible it'd be great if the children could bring in a toy or something else that has a link with the month in which they were born - February could be a Bridget's Cross or Valentine; Oct- something Halloweeny etc.
It would be very helpful, also, if you could write the Junior and Senior Infants date of birth on the back of their hands.
We are looking for sponsorship for the calendar, so now is the time to book your place in the Gaelscoil Chionn tSaile Féilire 2018!

Monday, 13 November 2017

Cluiche Ceannais Sciath na Scol 2017

Mí-ádh lenár bhfoireann peile inniu 13/11/17 a chaill i gcoinne Rathduff. Bhí an-lá againn i bPáirc Uí Rinn!








Friday, 10 November 2017

Gaeilgeoirí na Seachtaine 11 – Samhain - 2016

Féach ar Seo !      

Gaeilgeoirí na Seachtaine
11 – Samhain - 2016

Cluiche Ceannais Sciath na Scol 2017



Go n-éirí (Best of luck) lena buachaillí atá i rang a 5 agus rang a 6 atá ag glacadh páirt i gcluiche ceannais Sciath na Scol Dé Luain 13/11/17 @ 12.30 i bPáirc Uí Rinn V Rathduff. 
Beir bua lads!



Cuireadh Eli Lilly do Rang 6 / Invitation from Eli Lilly for 6th Class


Eli Lilly and Company
Thug Eli Lilly cuireadh dosna daltaí i Rang 6 teacht chucu i Dunderrow i gcóir lá eolaíochta  ar an Satharn 18ú Mí na Samhna 2017 ó 11 a.m. go dtí 1 p.m. Beidh Múinteoir Selina sásta bheith ann agus tuismitheoir amháin ag teastáil chomh maith chun maoirseacht a dhéanamh ar an lá.

Eli Lilly have kindly invited the 6th Class students for a science day with them in Dunderrow on Saturday 18th November 2017  from 11 a.m. to 1 p.m. Múinteoir Selina is happy to attend and one parent is also required to supervise on the day.