Friday, 21 September 2018

Baint an Fhómhair 2018 / Harvest 2018

Bhí Máire agus roinnt dosna páistí an-ghnóthach ag baint an fhómhair an tseachtain seo caite. Bhíodar ag obair go dian sa ghairdín agus sa chistin. Rinne siad anraith deas blasta as na torthaí a d'fhás siad agus rinne rang 4 arán donn chun dul leis. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Máire don obair a dhéanann sí gach bliain.

Máire and some of the children were very busy last week on harvesting the vegetables grown in the school garden. They were also busy in the kitchen. They made very tasty soup from all the vegetables and 4th class made lovely brown bread to go with it. We would like to thank Máire for all the hard work she does in the garden every year.