Friday, 25 October 2019

Monday, 21 October 2019

Cóisir ar an Aoine !



Cóisir ar an Aoine seo 25.10.2019 !! 
Cead bheith gléasta suas. Tóg airgead i gcomhair Temple Street, Ospidéal leanaí.



Party this Friday25.10.2019 !!
Dress up and bring in donation for Temple Street Childrens Hospital.

Thursday, 17 October 2019

Comhaltas Bhaile an Spidéal


Bhí an t-ádh linn cuairt a fháil ó Comhaltas Bhaile an Spidéal le déanaí. Seinneann cúpla dár bpáistí agus ár n-iarscoláirí leo. Bhain na páistí an-taitneamh as an seisiún ceoil traduisiúnta.

Seachtain Mhata i Naíonáin Bheaga / Maths Week in Junior Infants

Táimid ag ceiliúradh Seachtain Mhata na hÉireann an tseachtain seo sa Ghaelscoil. Tá Naíonáin Bheaga ag baint ard taitneamh as cluichí a imirt ar an gclár bán idirghníomhach agus ar na iPads.

We are celebrating Maths Week this week in the Gaelscoil. Junior Infants are really enjoying playing games on the interactive whiteboard and on the iPads.








Tuesday, 15 October 2019

Monday, 14 October 2019

Rang a 6 - KYSS

Bhí maidin iontach againn in Actons an Céadaoin seo chaite. Féach ar News2Day (thíos) ar RTE Player chun níos mó a fhoghlaim mar gheall ar an maidin a bhí againn!

We had a great morning in Actons last Wednesday. Please watch News2Day on RTE Player to learn more about the morning we had. 

https://www.rte.ie/player/series/news2day/SI0000001210?epguid=IH000369232

 

Thursday, 10 October 2019

Pink Ribbon



Bhailíomar €216.30 le haghaidh an Pink Ribbon Dé hAoine seo chaite 04.10.2019. Míle buíochas do chách
We collected €216.30 for Pink Ribbon last Friday 04.10.2019. Many thanks to everyone for contributing.

Tuesday, 8 October 2019

AONACH LEABHAR NA SCOILE / SCHOOL BOOKFAIR

primary-2-1905184.jpg (715×455)

Dé Máirt 08/10/2019 go dtí an Déardaoin 10/10/2019
08.30 - 8.50 r.n.
1.30 - 3 i.n.
I rang Naíonáin Shóisireacha

Tuesday 08/10/2019 to Thursday 10/10/2019
08.30 - 08.50 a.m.
1.30 - 3 p.m.
In Junior Infants' classroom

Thursday, 3 October 2019

Siúlóid Staire Rang a 4/ 4th class History Walk 2019






Bhí ana lá ag Rang a 4 ar an siúlóid staire le Barry Muloney. Ár mbuíochas leis. Thug sé an turas saor in aisce dúinn, thugamar deonachán go dtí carthanas 'Fundraising for Jayden' ar a shon. 

4th class had a wonderful day walking around Kinsale learning all about our local history. Our thanks to Barry Muloney for giving us the tour. As payment he asked us to contribute to a charity, so we gave a small donation to 'Fundraising for Jayden.'



Wednesday, 2 October 2019

Stoirm Lorenzo

Cartoon Wind Blowing        


02/10/'19
                                   
A chairde,
Níl aon treoir ann ón Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh scoileanna ag oscailt nó ag dúnadh nuair a bheidh an stoirm ar siúl amárach. Ag an bpoinnte seo beidh an scoil ag oscailt mar is gnáth. Má thagann athrú ar aon rud gheobhaidh sibh téacs uaim ar maidin -chomh luath agus is féidir. 
Le gach dea-ghuí, 
Príomhoide Sinéad

Dear parents, 
There's no official directive from the Department of Education and Skills about whether schools should open or close for tomorrow's forecasted storm Lorenzo. At this moment in time, the school will open as normal. If there is any change to this arrangement, I will let you know, by text, in the morning -as early as possible.

Sciath na Scol Buachaillí

Maith sibh agus mí-ádh dos na buachaillí Sciath na Scol peile, a chaill amach le 2 phointe i gcoinne gCill Breatáin inné sa chluiche leathcheannais

Well done and hard luck to the Sciath na Scol boys football team who lost by 2 points to Kilbrittain yesterday in the semi final