Thursday, 19 December 2019

Maidin Caife ar son Pobal Shiomóin / Coffee Morning in aid of the Simon Community

Bhí lá den scoth againn i Halla an Bhaile Dé hAoine seo chaite don mhaidin caife ar son Pobal Shiomóin. Bhí togha is rogha cácaí is rudaí deasa ar fáil ann. D'oibrigh Rang 5 agus Rang 6 go dian dícheallach idir bácáil, díol cácaí, tae agus caife a dhéanamh agus ar deireadh ag glanadh suas! Gan trácht ar carúil na Nollag a chanadh lasmuigh! Is féidir linn a bheith an-bhródúil astu. D'éirigh leo €3,600 a bhailiú do Phobal Shiomóin agus ceannóidh siad 200 mhála chodlata leis an airgead san. 
Rang 5 agus Rang 6 abú! I dteannta a chéile is treise sinn!
We had a fabulous time in the Temperence Hall last Friday for the Simon Community coffee morning. There was a huge spread of cakes and other nice things there. 5th and 6th Class worked really hard between baking, making tea and coffee and, finally, cleaning up! Not to mention singing Christmas carols outside! We can be very proud of them. They succeeded in raising €3,600 for the Simon Community and they will buy 200 sleeping bags with that money. Well done 5th and 6th Class! We're stronger together!