Friday, 28 February 2020

John Spillane sa Ghaelscoil do Sheachtain na Gaeilge 2020

Chuireadh tús bríomhar le Seachtain na Gaeilge 2020 le seisiún ceoil le John Spillane! Bhain gach éinne idir páistí, foireann scoile agus John Spillane féin árd taitneamh as! Tús iontach leis coicís is spraoíúl i bhféilire na bliana i nGaelscoil ach go háirithe! Mar a déarfadh John Spillane féin... woo woo! 

We kicked off Seachtain na Gaeilge 2020 with a sing-song session with John Spillane! Everyone from children to staff and even John Spillane himself had a great time! A lively start to the most fun fortnight in the school calendar -especially in a Gaelscoil! As the man himself would say... woo woo!




Seachtain na Gaeilge 2020



Gaeilgeoirí na Seachtaine 17.02.2020 !


Wednesday, 19 February 2020

Nuachtlitir an Earraigh 2020




Seo daoibh nuachtlitir an Earraigh, lean an NASC SEO (follow link to view our Spring Newsletter.)
Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an mbriseadh méan téarma. 

Príomhoide Sinéad 

Saturday, 15 February 2020

Rang a 6 - Stairí Áitiúla (14/2/2020)

Bhain rang a 6 taitneamh as an gcuairt a thug Barry Maloney orainn ar an Aoine (14/2/2020). Bhí firicí suimiúla aige faoin gceantar! Go raibh maith agat as teacht, Barry!


Friday, 14 February 2020

Cispheil Rang 5 + 6

Bhí la iontach againn i mBaile an Easpaig ag imirt cluichí chispeile! Go raibh maith agaibh M. Siobhán agus M. Kian don chleachtadh a bhí ar siúl tar éis am scoile!





Rang a 6 KYSS

Bhí lá iontach againn an tseachtain seo chaite sa KYSS café. Bhaineamar ard thaitneamh as bheith ag labhairt le Hugh mar gheall ar meabhairshláinte agus rudaí a mbaineann leis. Míle buíochas le Hugh agus KYSS! Beidh Hugh ag teacht chugainn sa scoil chun labhairt linn níos mó!



Gaeilgeoirí na Seachtaine 14.02.2020 !


Ceardlann Ealaíne/ Glucksman


Ghlac na páistí ó Rang 3 agus Rang 4 páirt sa cheardlann Ealaíne ‘See You, See Me’ sa Glucksman i UCC ar an gCéadaoin seo caite. D’Fhéach said ar phíosaí a bhí déanta ag na maisitheoirí leabhair cáiliúla (Chris Judge, Fatti Burke, Niamh Sharkey, Peter Donnelly, Chris Haughton). Bhí na píosaí bunaithe ar téamaí cearta riachtanais na bpáistí- (an ceart d'oideachas, spraoi, dídean…srl). Chruthaigh na páistí a bpíosaí féin freisin, a bheidh le feiscint i dtaispeántais sa Glucksmann ó 20-22 Márta 2020 agus molaimid turas a thógaint chun iad a fheiscint. An-suimiúil! 
The children from rang 3 and 4 had a great time at the exhibition ‘See you, See me’ last Wednesday 05/02/'20 in the Glucksman, UCC. The children looked at pieces based on children’s rights that were created by famous children’s book illustrators such as Chris Judge, Fatti Burke, Niamh Sharkey, Peter Donnelly, Chris Haughton. They also created their own work based on what they saw in the exhibition. The children's work will now be on display in the Glucksman Gallery in UCC from the 20-22nd March 2020 and it would be fantastic to go and see it

Go raibh maith agaibh, Neasa agus Siobhán.         







C:\Users\Teacher\AppData\Local\Packages\Microsoft.MicrosoftEdge_8wekyb3d8bbwe\TempState\Downloads\IMG_20200205_102829 (1).jpg




Wednesday, 12 February 2020

Spotlight on Irish language resources for parents. Is féidir libh!

Spotsolas ar acmhainní Gaeloideachas: Spotlight on Irish for ParentsGaeilge don Naíonra agus Déan Comhrá

A chairde, 
Tá na hacmhainní seo ar fáil le cabhrú libh cur le bhur gcuid Gaeilge. B’fiú go mór eolas a roinnt faoi na hacmhainní thíos atá ar fáil ó Gaeloideachas:

Dear parents, 
Here are some resources available to help you improve your own Gaeilge. They're well worth checking out through the Gaeloideachas website or by following the links below.

Gaeilge don Naíonra  Cé gur forbraíodh an suíomh i dtosach le díriú ar riachtanais teanga mhúinteoirí naíonra, tá scoth na n-acmhainní air is féidir le tuismitheoirí a úsáid chun cur lena stór focal ar ainmhithe, bia, clann, éanlaithe, na séasúir agus go leor eile. Tá go leor liostaí agus sleamhnáin PowerPoint air a d’fhéadfadh an scoil a chur abhaile chun níos mó Gaeilge a spreagadh sa bhaile. Tá amhráin dheasa do pháistí óga ar roinnt de na sleamhnáin nó is féidir le tuismitheoirí triail a bhaint as cuid de na tráthanna ceist (quizlet). Is é naionra an pasfhocal le rochtain a fháil orthu. Bain triail as! 
-Originally produced as support for teachers in Irish language pre-schools, it is also a fantastic source of Irish vocabulary for parents to build on their own bank of words with lists of animals, foods, family, birds, seasons among other useful themes. There's lots of fun things to do and some nice songs you can sing at home with preschoolers to encourage more use of Gaeilge at home. "naoinra" is the password to gain access to these resources. Give it a go and see what you think! 

IrishForParents Bíonn an-tóir i gcónaí ar an suíomh seo. Tá na hacmhainní foghlama anseo go hiomlán dírithe ar riachtanais an tuismitheora agus pléitear téamaí ar nós an páiste, an tuismitheoir, an baile, an scoil, agus cúrsaí bia agus sláinte. Tá tascanna éisteachta, cuardach focal, cluichí agus cuir i láthair ann le cur le leibhéal Gaeilge agus muinín an tuismitheora.
-This is always a popular site for parents. All the resources on this site are aimed at the needs of parents of Irish -medium education school go-ers with themes like the child, the parent, at home, in school, food and health. There are listening tasks, wordsearches, games and presentations on the site that will help every parent, regardless of their level of Gaeilge.

DeanComhra Tá an leabhrán seo lán le foclóir úsáideach agus frásaí simplí do thuismitheoirí atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a shní isteach ina saol laethúil. Má tá an tuismitheoir ag iarraidh teacht ar bheannachtaí le húsáid le tuismitheoirí eile, nó frásaí do nótaí chuig an múinteoir ranga, frásaí Gaeilge le moladh a thabhairt dá bpáiste, tiocfaidh siad ar leaganacha Gaeilge in Déan Comhrá. Tá cóipeanna crua ar fáil do thuismitheoirí tríd scoileanna a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas. 
Tabhair cuairt ar Rannóg na dTuismitheoirí ar shuíomh Gaeloideachas. Gaeloideachas Parents Page

-This is the online version of the book "Déan Comhrá" -for parents who would like to get more Irish into their daily lives. If you'd like to learn ways to greet other parents, to compose a note to the class teacher or to simply praise your child in Irish this is the book for you. There are hard copies of this book available and may be ordered through the school. Check out the parents' section of the Gaeloideachas site by clicking the link above.

Friday, 7 February 2020

Monday, 3 February 2020

Páirc Musgrave!

Bhí an-am ag ár bpaistí ó Rang 6 a fuair an seans mion-chluiche rugbaí a imirt ag leath am ag an gcluiche faoi 20 idir Éire agus Albain i bPáirc Musgrave Dé hAoine seo chaite 31/01/'20.
Some of our 6th class children got the chance to play a mini game of rugby at half time at the u-20s Ireland v Scotland game on Friday night in Musgrave Park 31/01/'20. They all had a great time