Friday, 12 March 2021

Mórshiúl Fíorúil Lá Fhéile Pádraig

A Chara,


Beidh Glór na nGael ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i mbliana le mórshiúl fíorúil do theaghlaigh. 


Tugtar cuireadh do theaghlaigh páirt a ghlacadh ann trí cheann amháin de na gníomhaíochtaí seo thíos a dhéanamh:


  • Maisigh an teach

  • Déan ceardaíocht

  • Déan cócaireacht nó bácáil 

  • Damhsa Jerusalema a dhéanamh

  • Cas Amhrán

  • Cas píosa ceoil


Beidh uibheacha Cásca, leabhair, t-léinte agus neart eile le baint do na hiontrálacha is fearr. 


Le bheith san iomaíocht, níl le déanamh ach grianghraf nó físeán a chur chuig micheal@glornangael.ie roimh an 15 Márta. Beidh siad le feiceáil ar ár leathanaigh Facebook agus Instagram ar Lá Fhéile Pádraig féin. 


Tá neart físeán agus ábhar tacaíochta eile ar na meáin shóisialta éagsúla atá ag Glór na nGael agus Teanga Tí ón 1 Márta ar aghaidh chun cúpla smaoineamh a thabhairt daoibh;  físeán cócaireachta, físeán fuála, na céimeanna do Jerusalema agus neart eile. 


Freisin, ar Lá Fhéile Pádraig féin, glacaigí páirt sa Mhórshiúl Fíorúil trí fhíseán / grianghraf a ghlacadh agus sibh ag ceiliúradh ar an lá. Bígí cinnte @teangatí a thagáil ar Instagram / Facebook agus an hashclib #NaGaeilGhlasa a úsáid!


Roinnfear na físeáin / grianghraif ar mheáin shóisialta Ghlór na nGael


Bígí linn!!




Oifigeach Forbartha
ainin@glornangael.ie / 07749126949 / 00353834460763

Suíomh Ghréasáinwww.glornangael.ie