A cháirde,
Tá an lá nachmór buailte linn arís agus beidh na páistí ag filleadh ar an nGaelscoil arís! Táim cinnte go bhfuil siad go léir an-sceitimíneach faoin a gcairde go léir a fheiscint arís. Tá ullmhúcháin na múinteoirí faoi lán seol anois agus sinne go léir ag tsnúth le bliain nua a thosnú. Beidh beirt nua ag teacht ar an bhfoireann i mbliana- duine i gcóir Múinteoir Áine atá imithe ag taisteal agus múinteoir tacaíocht foghlaime, déanfar an ceapacháin chomh luath agus is féidir ach idir an dá linn beidh Múinteoir Siobhán Ní Bhruacháin ag tógaint rang na Naíonáin Shinsearacha.
Beidh geataí na scoile ag oscailt ag 08.30 mar is gnách ar Déardaoin an 1ú Mean Fomhair agus beidh Rang 1, 2 & 3 ag dul abhaile ag 2.30. Beidh na Naíonáin Shinsearacha ag dul abhaile ag 1.30. Beidh na Naíonáin Shóisearacha ag críochnú ar 11.30 ar an Déardaoin & an Aoine. Ón Luain an 5ú go dtí Dé hAoine an 23ú Mean Fomhair críochnóidh na Naí Shóisearacha ag 12.30 agus ón Luain an 26ú críochnóidh siad ag 1.30 go dtí deireadh na bliana.
Feicfidh sibh go luath nach bhfuil na foirgnimh nua ullamh fós. Is de bharr moill ón Roinn é seo agus cuireann sé go mór isteach ar gach éinne, na múinteoirí agus páistí ach go háirithe. Ní feidir liom ach geallúint go gcuirfear oideachas den árdchaighdeán céanna ar fáil dos na páistí agus iarraidh oraibh a bheith foighneach go dtí go bhfuil an obair críochnaithe, tuairim is 2 nó 3 seachtain uainn. Nuair a bheidh sé críochnaithe beimíd uile sásta!
Tá roinnt cabhair ag teastáil uaim chun cláracha bána a chrochadh arís. Cur glaoch orm ag 086.8074974 más feidir leat cabhrú. Míle buíochas!
Go dtí an Déardaoin!
Dear parents!
The day has nearly come that the children will be returning to school! I'm sure they are all excited about seeing their pals again and starting in a new class. All the teachers are busy with their preparations and are eager to get another new year started. We will be appointing two new teachers this year -one to temporarily replace Áine who is taking a year out to travel and one permanent teacher who will take up Learning Support/ Resource. These appointments will be made as soon as possible but in the meantime qualified teachers will take these positions. Múinteoir Siobhán Ní Bhruacháin will take Senior Infants initially and the LS/R is to be decided.
The school gates will open at 08.30 on Thurs 1st September. 1st, 2nd & 3rd (!) classes will finish up at the normal time of 2.30. Senior Infants will finish up at 1.30 as usual. The new Junior Infants will finish at 11.30 on Thurs & Fri of this week. From Mon 5th - Fri 23rd Sept the Juniors will finish at 12.30 and from Mon 26th Sept to the end of the school year, the Juniors will finish at the normal time of 13.30.
You will see on Thursday that the new building is not finished. This is 100% due to a delay on the part of the Dept of Education and really inconveniences us all -the teachers and children, in particular. I can only promise that the children will continue to receive the high standard of education they are accustomed to and ask for your patience until the work is completed which is expected to be within 2-3 weeks. It'll be worth it in the end!
I will need help before Thursday to re-hang 2 marker-(white)boards. Please phone me on 086.8074974 if you can help.
Until Thursday!