Wednesday, 5 December 2012

Socraithe na Nollag níos soiléire / Clearer Christmas preparations

A thuismitheoirí, a chairde,
Maith dom muna raibh fógra an lae inné soléir. Rinneamar cinneadh cúpla bliain ó shin go ndéanfadh gach ré-rang dráma na Nollag a cur ar siúl gach bliain. Naí bheaga, Rang a hAon, Rang a trí srl. Is iomaí cúis a bhí leis seo. Uallach oibre na ranganna éagsúla, ullmhúcháin dos na sacraimint srl. Sa chóras seo chomh maith déanann gach páiste dráma gach dara bliain.
Rinneamar ár ndícheall halla a fháil chun seó mór a cur ar siúl cosúil le blianta eile ach ní fhéadfaimís ceann oiriúnach a fháil. Dá bhrí sin shocraíomar ar iad a cur ar siúl sa scoil i ceann dos na seomraí ranga. Tuigim go mbeidh deacrachtaí ag daoine freastal orthu ach ní seó mór a bheidh i gceist iontu pé scéal é. Níl an spás ann ins na seomraí chun deileál le grúpa abhalmhór mar sin más féidir libh freastal agus a bheith sa lucht féachanna go hiontach, tá fáilte romhaibh ach munar féidir níl leigheas ar an scéal. Rinneamar ár ndícheall halla a fháil, dá mbeadh ceann againn bheadh seo mór againn ach faraoir níl.
Toisc nach rabhamar in ann halla fháil don dráma cheapamar go mbeadh sé go deas seirbhís carúil na Nollag a cur ar siúl sa séipéal. Beidh roinnt páistí ó na Naíonáin Shóisearacha ag tabhairt léiriú ar scéal na Nollag ann chomh maith. Beidh rang iomlán na Naí Shóis agus an dá rang Naí Shíns ag teastáil chun na hamhráin a canadh.
Tar éis an taispeántas sin cuirfidh (rang 2,3 agus 4) cór na scoile seirbhís carúil le hamhráin éagsúla na Nollag ar siúl. Tá fáilte roimh gach rang/clann sa scoil freastal ar seo. Iarfaimid ar na páistí suí chun tosaigh lena ranganna féin chun cur leis an gcanadh.
Beidh seo ar fad ar siúl ar Déardaoin an 20ú Nollag 2012 i Séipéal Naomh Eoin ag a 5 a chlog.
Beidh cleachtadh ag teastáil ó na ranganna Naíonáin ar an Luan an 17ú agus Dé Céadaoin an 19ú. Nollag 2012. Ar an dá lá san tóg do pháiste go dtí an séipéal i gcóir 08.50 in ionad an scoil. Siúlfaimid go léir, mar ghrúpa that nais go dtí an scoil, ina dhiaidh má tá an aimsir oiriúnach. Muna bhfuil, gheobhaimid bus. Ní bheidh na ranganna eile ag cleachtadh sa séipéal ach sna ranganna.
Tá súil agam go bhfuil na socraithe níos soiléire anois.
Dear parents,
Forgive me if yesterdays post was not clear. We made a decision a few years ago that every second year would do a Christmas show every year. Junior infants, 1st Class, 3rd Class etc. There are many reasons for this. Various classes workloads, preparations for the sacraments etc. In this way also each each class does a show every second year.
We did our best to get a hall to put on a big show like other years but we could not get a suitable one. Because of this we decided to hold them in the school in one of the classrooms. We understand that there will be difficulties for people attending them but they won't be big shows anyway. We do not have space in the classrooms to cater for a huge crowd so if you can attend and be in the audience great, you are welcome but if you can't we can't solve this problem. We did our best to get a hall. If we had one we would have a big show but unfortunately we don't.
Because we weren't able to get a hall for the drama we thought it would be nice to have a Carol Service in the church. Some of the Junior Infants will be doing the Nativity play there also. The whole Junior Infants class and both the Senior Infants classes will be needed to sing the songs.
After this presentation the school choir (2nd, 3rd and 4th Class) will have a Carol Service with various Christmas carols. Every class / school family will be welcome to attend this. We will ask the children to sit in front with their own classes to join in with the singing.
All of this will be held on Thursday the 20th December 2012 in St. John's church at 5 o' clock.
The Infant classes will need practice on Monday the 17th and Wednesday the 19th December 2012. On these two days bring the children to the church for 08.50 instead of bringing them to the school. We will all walk back as a group to the school afterwards if the weather is suitable. If not, we will get a bus. The other classes will not be practicing in the church but will in the classrooms.
I hope these details are clearer now.