A Thuismitheoirí,
Fé mar is eol daoibh táimíd ana ghnóthach i rang na naíonáin bheaga faoi láthair! Tá na drámaí ag teacht le chéile go deas anois, buíochas le Dia. Tá cúpla fógra / meabhrúcháin agam daoibh:
Tá dráma na Nollag ar siúl ar an Mháirt 17ú Nollag '13 ag a 9. Bí ann le do pháiste gléastadh suas ar 8.50 a.m.
Beidh an rang ar fad páirteach san seirbhís a bheidh ar siúl sa séipéal ar an nDéardaoin an 19ú Nollag '13 atá ag tosnú ag a 6 p.m. Bí ann ag a 5.50 p.m. Beidh an dráma 'Scéal na Nollag' á dhéanamh ag leath don rang agus gach páiste sa rang páirteach sna hamhráin a bheidh á chanadh acu ar an altór.
Is féidir le do pháiste an phríomh pháirt dár éadach don ndráma a chaitheamh ar scoil ar an Luan an 16ú Nollag '13 lasmuigh dá néide scoile. Níl gá dóibh gléasadh suas go hiomlán m.s. sciatháin,hataí, bróga srl. Mura bhfuil spás ina málaí dos na héadaí tabhair mála plaisteach dóibh lena nainm scríbhte air go soiléar!Má tá aon cheist agaibh cur glaoch ar Hilde agus cuirfidh mé glaoch thar nais oraibh.
Ní bheidh obair bhaile ag an rang go dtí an bhliain nua. Dúirt páiste liom inné go raibh sí chomh traochta go raibh sé deacair uirthi siúl go geata na scoile. Mar sin beidh an sos ó obair bhaile ag teastáil.
Dear Parents,
As you know, we are very busy in the Junior Infants class at present! The plays are coming together nicely now, thankfully. I have a few notices / reminders for you:
The Christmas play is being held in Riverstick Hall on Tuesday 17th December '13 at 9 a.m. Please have your child there in costume at 8.50 a.m.
The entire class will be taking part in the service that will be held in the church on Thursday 19th December '13 which is starting at 6 p.m. Be there at 5.50 p.m.Half the class will be doing the Nativity play and every child in the class will be taking part in singing songs on the altar.
Your child can wear the main part of the costume to school on the 16th December '13 outside of their school uniform. They don't have to dress up fully – eg. No need for wings, head wear, shoes etc. If there isn't room in their school bags for the clothes, you can bring in a plastic bag with their name clearly written on it to carry them home in. If you have any question give Hilda a ring and I will call you back.
The class won't have homework until the New Year. A child told me yesterday that she was so exhausted that she found it difficult to walk to the school gate. So there's definitely a break needed from homework!
M. Michelle