Tuesday, 10 June 2014

Díolachán Cácaí / Cake Sale Thursday, June 19th 2014

Beidh díolachán cácaí á eagrú ag rang a ceathair ar an Déardaoin an 19ú Meitheamh 2014 ar son UNICEF. Bheimid an-bhuíoch dá dtabharfadh tuismitheoirí na scoile / páistí cácaí beaga istigh dúinn. Glacfaimid go buíoch le cácaí déanta ag an mbaile nó ceannaithe. Cácaí beaga (bunága) atá i gceist is beidh cead ag na páistí go léir iad a cheannach ar scoil ar an lá.
Beidh ranganna na Naíonáin ar a dturas scoile ar an lá sin ach is féidir leo airgead a thabhairt isteach i gcóir UNICEF chomh maith má tá fonn orthu.
Míle buíochas.

Fourth class are organising a cake sale in aid of UNICEF on Thursday, June 19th 2014. We would be very grateful if school parents / children could donate cakes, either homemade or bought. Small cakes (buns etc.) would be ideal as all children will have a chance to purchase the cakes in school on the day.
Junior and Senior Infants will be on their school tour that day but they can bring in money also for UNICEF if they wish.
Sincere thanks