Friday, 29 March 2019

Thursday, 28 March 2019

Cór Náisiúnta na bPáistí -National Children's Choir City Hall






Cór Náisiúnta na bPáistí

Chomhghairdeas ó chroí leis na pásití ó Rang 5 & Rang 6 a ghlac páirt aréir i gCór Náisiúnta na bpáistí. Bhí oíche thar cinn, speisialta againn uile ann. Ba mhór a pribhléid a bheith sa lucht féachanna gan trácht ar a bheith páirteach ann. Rinne ár bpáistí sár-obair ann agus bhíomar uile an-bhródúil astu. Thar a bheith brodúil astu! Beidh cuimhne acu agus againn ar an oíche speisialta san go deo. Go raibh maith agaibh uile agus go riabh maith agat speisialta le Múinteoir Siún a chuir gach rud i gcríche. Bravo!

A huge congratulations to the children in Rang 5 and Rang 6 who participated in the National Children's Choir performance in City Hall, Cork last night. We all enjoyed an incredibly special night there. Our children really did us proud and sang their hearts out! We were justifiably bursting with pride. The children and attendees will remember last night for many years. Thank you to the children for their diligent hard work -mostly done in their free time -but a very special thank you to Múinteoir Siún who organised and directed our participation. Bravo!

Leabhair ar díol sa scoil faoi láithir / Books for sale in school at the moment


Amnesty International - Tháinig níos mó bráisléidí / More bracelets came!



Amnesty International Friendship week: 
Má theastaíonn ó do pháiste bráisléad a cheannach, tá siad á dhíol againn san oifig ar €2.
Rachaidh an t-airgead ar aghaidh go hAmnesty International (A limited number of €2 bracelets are available to purchase in school office, proceeds will be sent to Amnesty International.) Deireann siad (The bracelets say):

  • Labhair Amach / Speak out
  • Cairdeas / Friendship
  • Domhain Gach Duine / Everybody's World
  • Laoch Cearta Daona / Human Rights Hero
  • Domhan Gach Duine / Everybody's World


Trialacha Spórt na Cathrach / Cork City Sports trials




  • maidin amárach 29/3/19 ar páirc na scoile (tomorrow morning, 29/3/2019)
  • éidí spóirt ar gach páiste naí mhóra - rang a 6 (sports clothes to be worn by all children from Senior Infants to 6th Class)
  • brógaí reatha (níl cead buataisí peile) (runners to be worn - football boots not permitted)

Go raibh maith agat,
Neasa & Aodán

Wednesday, 27 March 2019

Amnesty International



Amnesty International Friendship week: 
Má theastaíonn ó do pháiste bráisléad a cheannach, tá siad á dhíol againn san oifig ar €2.
Rachaidh an t-airgead ar aghaidh go hAmnesty International (A limited number of €2 bracelets are available to purchase in school office, proceeds will be sent to Amnesty International.) Deireann siad (The bracelets say):
- Domhain Gach Duine / Everybody's World

Chomhghairdeas Annabel !!


Chomhghairdeas do Annabel Ní Longáin a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas ealaín Banc na hÉireann !
Congratulations to Annabel Ní Longáin who won first prize in the Bank of Ireland art competition !




Friday, 22 March 2019

Chomhghairdeas / Congratulations!




Chomhghairdeas mór lenár n-aisteoirí óga Rang 3, Rang 4 agus Rang 5 a ghlac páirt i bhféile Drámaíochta na Mumhan i Mainistir Fhear Maí ar an gCéadaoin. D'éirigh go hiontach leo uile agus d'éirigh le Gaelscoil Chionn tSáile dul ar aghaidh go dtí an chéad babhta eile i gCo. na hIarmhí! Tá orainn roinnt athruithe a cur ar an dráma a rachaidh ar aghaidh ach táimid ag tnúth go mór leis an toradh a bheidh ar an obair ar fad!
Chomhghairdeas mór leis na páistí agus go raibh míle maith agat leis na múinteoirí a stiúraigh iad.
A big congratulations to our young actors in 3rd, 4th and 5th class who took part in The Munster Drama Festival in Fermoy on Wednesday. They all got on really well and Gaelscoil Chionn tSáile succeeded in getting ahead to the next round in Co. Westmeath! We have had to make a few changes to the to the performance that will be going ahead but we are really looking forward to the outcome of all the hard work!

Congratulations again to the children and and many thanks to the teachers that directed them.

Nuacht Rang 2

Bhí an-lá againn inniu i rang a dó. Fuaireamar ár gcéad litreacha ónár gcairde pinn i Chicago! Scríbheamar litreacha thar n-ais ag rá leo faoin dath is fearr linn, an bia is fearr linn, an ábhar scoile is fearr linn agus cathain a bhfuil ár mbreithlá. 
Táimid ag súil le litreacha a fháil thar n-ais go luath. 

We had a great day today in rang 2. We received our first letters from our pen pals in Chicago! We replied telling them about our favourite colour, food, subject and when our birthday is. We are really looking forward to getting more letters soon.

Rang 2


Gaeilgeoirí 23.03.2019 !


Wednesday, 20 March 2019

Fwd: An Coiste Glas

A chairde,

Táimid tar éis mórán Éireann a dhéanamh le coicís anuas anois mar Coiste Glas. Tá an-áthas orainn ará go bhfuilimid céim níos congaraí anois chun an brat fuinneamh a bhaint amach! 

(We have done alot of work over the past fortnight as a Green Committee. We are delighted to say that we are now one step closer to carrying out the energy flag!)

Gan amhras, tosnaíonn dea-nósanna sa bhaile agus ní mór dos na páistí foghlaim faoi caomhnú fuinneamh agus leictreachas sa bhaile ó aois óg.

(Undoubtedly, good habits start at home and children need to learn about energy and electricity preservation at home from a young age).

Bheimis an-sásta cloisint uaibh agus ná bíodh aon leisce oraibh dul i dteangmháil linn, an Coiste Glas, aon am i rith na bliana má tá tuairmí agaibh nó má aon ceist agaibh.

(We would be very happy to hear from you and do not hesitate to contact us, the Green Committe, anytime throughout the year if you have any ideas, suggestions or questions).

Mar eolas breise- tá an scoil ag foghlaim an Cód Glas faoi láthair. Ceangailte anseo thíos, tá na líricí a bhaineann leis. B'fhéidir go mbainfidh sibh taitneamh as cleactadh a dhéanamh ar sa bhaile.

(Some extra information- the school is currently learning the Green Code, a song. Attached below are the lyrics for this code. Maybe you would enjoy practicing it at home)

Le meas,
An Coiste Glas 

Friday, 15 March 2019

Iar scoláirí chuig na scoile

Tháinig iar scoláirí chuig na scoil chun labhairt le ranganna 4-6 faoi bhuntáistí bunoideachas trí Ghaeilge agus iad sa Mheanscoil.
Past pupils came to the school this week and outlined the benefits of receiving a primary education through Irish. It was fantastic to welcome Ellie , Amelia and Holly back to the Gaelscoil. Maith sibh a chailíní!  

Lá Glas

Bhí lá glas againn sa Ghaelscoil inniu mar bhuaicphointe dár gceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Thosaigh sé le paráid bheag sa chlós. Ina dhiaidh bhí banna ceoil beag ag seinnt Amhrán na bhFiann agus chríochnaigh sé le cluiche biongó dosna naí ranganna agus tráth na gceist dosna ranganna eile.

Today we had a lá glas in the Gaelscoil to mark the high point in our celebrations of Seachtain na Gaeilge. We started off with a parade in the yard. This was followed by a small music group playing Amhrán na bhFiann. We finished up with a game of bingo in infants and table quizzes in the older classes.

Bíodh Lá le Pádraig agus deireadh seachtaine fada deas agaibh go léir!






Gaeilgeoirí 15/03/2019 !


Thursday, 14 March 2019




Tuesday, 12 March 2019

Junior Entrepreneur Rang 6

Tá Rang 6 ag obair go dian ar a dtionscnamh 'Junior Entrepeneur Programme'. Tá uachtar láimhe agus seampú á dhéanamh acu! 

6th class are working hard on their Junior Entrepeneur Programme. They are making hand cream and shampoo!






Lá Mór i Naíonáin Bheaga / A Big Day in Junior Infants

A thuismitheoirí,
Bhí lá mór againn sa rang inné. Thosaíomar ag scríobh inár gcóipleabhar don chéad uair! Rinne na páistí sár-jab leis.

We had a big day in class yesterday. We started writing in our copies for the first time! The children did a great job.
Mairéad



Seisiún Ceoil 2019 , hup!







Léitheoireacht Bheirte / Shared Reading

Bhí gach rang ag glacadh páirt i léitheoireacht bheirte mar pháirt dár gceiliúradh do Sheachtain na Gaeilge inniu (12/03/2019). All  pupils were paired up and read Irish books to celebreate Seachtain na Gaeilge today.





Cic fada 2019

Bhí ana lá againn sa chlós inné ( 11/03/2019) ag glacadh páirt i gcomórtas Cic fada.
Comhghaidreas leis na buaiteoirí go léir!.




Friday, 8 March 2019