Monday, 29 April 2019

Na Dúdanna Bídh/ Food Dudes


Mar is eol daoibh faoin bpointe seo, beidh ár scoil páirteach sa chlár itheacháin sláintiúil "Na Dúdanna Bídh". Tá nóta seolta abhaile inniu le gach páiste le tuilleadh eolais faoi agus táimid go léir ag tnúth leis na rudaí nua a bhlaiseadh!

Beidh an chéad cuid de seo á thosú againn ar an gCéadaoin beag seo (1/5/19). Beidh Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra agus Rang a 1 ag blaiseadh torthaí agus glasraí gach lá thar 16 lá ar dtús agus beidh Rang a 2-6 á blaiseadh le haghaidh 8 lá . Gheobhaidh siad duaiseanna le haghaidh ithe na mbianna seo. Tar éis an chéad babhta seo, beidh seans ag na páistí a dtorthaí agus glasraí féin a thabhairt isteach ón mbaile.

As you may know by now, we will be starting the healthy eating programme 'Food Dudes' soon. Every child received a letter today to bring home with more information about the programme. 
Our first phase of the programme will begin this Wednesday (1/5/19). Naíonáin and Rang a 1 will have 16 'Tasting Days', while R2-6 will have 8, where they can win various prizes and find out more about healthy eating. Phase two will then follow where pupils will have a chance to bring in their own fruit and vegetables from home. We're looking forward to trying new foods and hopefully finding new favourites! 

http://www.fooddudes.ie/