Friday, 26 March 2021

Féach ar Seo!!!

 Gaeilgeoirí na Seachtaine !




























Thursday, 25 March 2021

Seachtain na Gaeilge 2021

Bhí an- seachtain againn ar scoil ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge, idir zumba, tráth na gceist, seisiúin ceoil ar zoom, comórtas ealaíne, lá domhanda na leabhair, cártaí poist a scríobh, agus bricfeasta le céile. Bhaineamar an-súp as!












Friday, 19 March 2021

Féach as seo!!

 Gaeilgeoirí na Seachtaine






















Friday, 12 March 2021

Féach ar Seo !!

 Gaeilgeoirí na Seachtaine !



















Mórshiúl Fíorúil Lá Fhéile Pádraig

A Chara,


Beidh Glór na nGael ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i mbliana le mórshiúl fíorúil do theaghlaigh. 


Tugtar cuireadh do theaghlaigh páirt a ghlacadh ann trí cheann amháin de na gníomhaíochtaí seo thíos a dhéanamh:


  • Maisigh an teach

  • Déan ceardaíocht

  • Déan cócaireacht nó bácáil 

  • Damhsa Jerusalema a dhéanamh

  • Cas Amhrán

  • Cas píosa ceoil


Beidh uibheacha Cásca, leabhair, t-léinte agus neart eile le baint do na hiontrálacha is fearr. 


Le bheith san iomaíocht, níl le déanamh ach grianghraf nó físeán a chur chuig micheal@glornangael.ie roimh an 15 Márta. Beidh siad le feiceáil ar ár leathanaigh Facebook agus Instagram ar Lá Fhéile Pádraig féin. 


Tá neart físeán agus ábhar tacaíochta eile ar na meáin shóisialta éagsúla atá ag Glór na nGael agus Teanga Tí ón 1 Márta ar aghaidh chun cúpla smaoineamh a thabhairt daoibh;  físeán cócaireachta, físeán fuála, na céimeanna do Jerusalema agus neart eile. 


Freisin, ar Lá Fhéile Pádraig féin, glacaigí páirt sa Mhórshiúl Fíorúil trí fhíseán / grianghraf a ghlacadh agus sibh ag ceiliúradh ar an lá. Bígí cinnte @teangatí a thagáil ar Instagram / Facebook agus an hashclib #NaGaeilGhlasa a úsáid!


Roinnfear na físeáin / grianghraif ar mheáin shóisialta Ghlór na nGael


Bígí linn!!




Oifigeach Forbartha
ainin@glornangael.ie / 07749126949 / 00353834460763

Suíomh Ghréasáinwww.glornangael.ie




Comhairle do Rang 3 go 6 i dtaobh filleadh ar scoil / Advice for 3rd to 6th Class on returning to school

 Do dhaltaí R3 - R6 (As Gaeilge):




 Video for  Third – sixth class English




Do thuismitheoirí as Gaeilge:



 

Video for  Parents in English including Irish Sign Language:



Video for  Parents in English:









Thursday, 11 March 2021

Scannáin Ghaeilge ar TG4 do Seachtain na Gaeilge/ Films in Irish for children on TG4 during Seachtain na Gaeilge

A Chara,

Beidh scannáin Ghaeilge ar TG4 gach lá an tseachtain seo chugainn le linn Seachtain na Gaeilge.  

Bheinn buíoch dá bhféadfaí é seo a scaipeadh i measc múinteoirí agus tuismitheoirí na scoile.

TG4 will show movies in Irish for children everyday next week for Seachtain na Gaeilge.  I would be grateful if you could share this list amongst teachers and parents of your school.

 

Le gach dea-ghuí,

Deirdre Ní Choistín 

Bainisteoir Cumarsáide TG4

deirdre.ni.choistin@tg4.ie

 

Scannáin Ghaeilge ar TG4 le linn Seachtain na Gaeilge. 

Happy Feet 2  - 15.3.21 4:30pm 

Leagan Gaeilge den scannán Happy Feet Two: Tá mac ag Mumble agus ag Gloria anois darb ainm Erik. Tá Erik in amhras faoi na buanna atá aige féin. Ach tá nithe eile go leor ag bagairt ar na piongain anois agus caithfidh gach uile phiongain oibriú (agus damhsa) le chéile chun an choilíneacht a thabhairt slán.

Mumble and Gloria now have a son of their own, Erik (E.G. Daly), who is struggling to find his own particular talents in the colony. But new dangers are threatening the penguin nation, and it's going to take everyone working (and dancing) together to save them. Irish language version produced by Abú Media.



Secret of Kells - 16.3.21 @ 4:30pm 
(2009, Beochan) Tráth a bhfuil na Lochlannaigh ag leathadh ar fud na tíre, tá buachaill amháin ag cur faoi i mainistir a uncail, an tAb Ceallach.

(2009, Animation) With the land in the grip of a Viking invasion, a young boy living in the monastery of his uncle, Abbot Ceallach, finds a way to turn the darkness into light.


Spongebob An Scannán - Lá Fhéile Pádraig/St.Patrick's Day 1:20pm

(2004, Beochan) Is iad Jeffrey Tambor, Rodger Bumpass agus Carolyn Lawrence na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Stephen Hillenburg. Fágann SpongeBob Bikini Bottom le dul sa tóir ar an gcoróin atá goidte ó Rí Neiptiúin.

(2004, Animation) Starring Jeffrey Tambor, Rodger Bumpass and Carolyn Lawrence. Directed Stephen Hillenburg. SpongeBob SquarePants takes leave from the town of Bikini Bottom in order to track down King Neptune's stolen crown.

 

Amhrán na Mara 18.3.21 @ 4:30pm

(2014, Beochan) David Rawle, Brendan Gleeson agus Lisa Hannigan na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Tomm Moore. Féachann Ben agus a dheirfiúr óg Saoirse, atá in ann iompú isteach i rón, na sióga a ligean saor agus an saol eile a shábháil.

(2014, Animation) Starring David Rawle, Brendan Gleeson and Lisa Hannigan. Directed by Tomm Moore. Ben, a young Irish boy, and his little sister Saoirse, a girl who can turn into a seal, go on an adventure to free the fairies and save the spirit world.

 

Revolting Rhymes 19.3.21 @ 4pm 

Scéalta dorcha agus greannmhara ina gcasann muid le Cochaillín Dearg, Plúirín Sneachta agus Luaithríona - ach is é an Mac Tíre a inseoidh an scéal seo, an scéal ceart, más fíor dó féin é. Bunaithe ar leabhar Roald Dahl.

In this dark and funny tale we meet Red Riding Hood, Snow White and Cinderella, but this time it's the Wolf who tells the story, which he says is the real story. Based on Roald Dahl's book Revolting Rhymes.

Tuesday, 9 March 2021

 


Bailiúcháin Éadaí srl / Clothes etc. collection



€306.25 curtha isteach le déanaí i chúntas bainc na scoile le haghaidh an bailiúchán  éadaí srl Cash4Clothes bhí againn i Mí na Nollag 2020. Míle buíochas a thuismitheoirí.
Ba mhaith linn bailiúcháin eile a eagrú i gcomhair Mí Meitheamh seo chugainn. 

€306.25 was transferred into the school account recently for the Cash4Clothes cloths etc. collection we had last December. Thanks to parents for your cooperation with this.
We would like to organise another such collection next June. Please keep this in mind.

Friday, 5 March 2021

Féach ar seo !

 Gaeilgeoirí na Seachtaine !
















Wednesday, 3 March 2021

Lá Domhanda na Leabhar !

Tá cead ag na páistí gléasadh suas mar a gcaractar is fearr leo ó leabhar, chun Lá Domhanda na Leabhair a chéiliúradh, an Aoine seo 05.03.2021 

Pupils are invited to dress up as their favourite book character to celebrate World Book day this Friday 05/03/'21

Monday, 1 March 2021

Naíonáin Mhóra thar nais ar scoil!

 Bhí Naíonáin Mhóra lán-sásta filleadh ar scoil inniu agus a cháirde ar fad a fheiscint!






SEACHTAIN NA GAEILGE

10ú - 16ú Márta: Seachtain na Gaeilge sa Ghaelscoil Spórt agus sproí chun ár dteanga agus cultúr Gaelach a cheiliúradh. Níos mó eolas le teacht :)